SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 9

Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos, i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú. Iarradh ort cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil tríd síos.

Modh oibre
• Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
• Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
• Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
• Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
• Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh, bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
• Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 9.
 

 

Cumadóir dearmadta

Is annamh inniú a chluintear trácht ar Charles Villiers Stanford (1852–1924), fiú i measc an chomhluadair bhig gur spéis leo saothrú an cheoil chlasaicigh in Éirinn. Leabhar tráthúil, mar sin, atá in An Chláirseach agus an Choróin, Seacht gCeolsiansa Stanford le Liam Mac Cóil, a láinseáladh le linn Dheireadh Seachtaine Stanford sa bhliain 2010. Cuirtear ceist i dtús an leabhair: cad ina thaobh a ligeadh cumadóir chomh bisiúil le Stanford i ndíchuimhne? Ná dearmad gur fear é seo a chum seacht gcinn de shiansaí agus naoi gcinn de cheoldrámaí, fear a bhí ina oide ag cumadóirí mórchlú mar Gustav Holst agus Ralph Vaughan Williams. Cá bhfuil an dara cumadóir Éireannach a chuir a leithéid de chorpas ceoil ar fáil?

    Tá tábhacht faoi leith, de réir Mhic Chóil, leis na focail sin ‘Sasanach’ agus ‘Éireannach’. I mBaile Átha Cliath a tháinig Stanford chun an tsaoil ach níorbh é an gaelachas a bhí i dtreis i bhféiniúlacht an teaghlaigh, ná baol air. Sloinneadh de chuid Staffordshire is ea Stanford. Meastar gur i ndeireadh an séú haois déag a tháinig sinsir an teaghlaigh go hÉirinn. B’fhiú dóibh theacht: níorbh fhada go raibh céim ard bainte amach ag muintir Stanford i measc lucht páirte na Breataine in Éirinn. Athair Charles, fiú amháin, bhí sé ina oifigeach i gCúirt Sheansaireachta na hÉireann. Bhí pingin mhaith á shaothrú aige mar dhlíodóir leis. Aontachtóirí diongbháilte a bhí i muintir Stanford, cé nach mbídís gníomhach i gcúrsaí polaitíochta. Ó thaobh creidimh de, is ar éigin is gá a rá gur bhain an teaghlach leis an traidisiún Anglacach. Mar sin de, nuair a cuireadh Charles go Coláiste na Banríona, Cambridge, níor dheoraíocht i dtír iasachta aige é – arae, bhí sé ar a shuaimhneas ann, ag déanamh staidéir ar na Clasacaigh agus ag cumadh cheoil.

    An mar gheall ar a dhúchas gallda nach mbímid-ne, Éireannaigh, mórtasach as saothar an chumadóra b’iomráití dár rugadh riamh sa tír seo? Más amhlaidh atá, is breithiúnas éagórach é, óir bhí dúchas gaelach ann chomh maith. A fhianaise sin na macallaí dár gceol traidisiúnta sa Tríú Siansa, ar a dtugtar The Irish mar leasainm air. Laoch Éireannach a chuir sé ar stáitse sa cheoldráma Shamus O’Brien, a chéadléiríodh sa bhliain 1886, breis agus fiche bliain i ndiaidh do Stanford Baile Átha Cliath a fhágáil. Is éard a mheas George Bernard Shaw, a scríobhadh roinnt léirmheasanna ar cheol Stanford don pháipéar nuaíochta The World, gurbh iad na saothair ba ghaelaí leis na saothair ba bhríomhaire agus ab fhearr. Mhol sé dó stad de bheith ag aithris ar stíl mhín mhúinte Shasana agus filleadh ar a dhúchas Éireannach. Is deacair a rá cén toradh a bheadh air sin, dá mbeadh aird ag an gcumadóir ar an léirmheastóir – seans gur Stanford a bheadh á lua mar ‘chumadóir náisiúnta na hÉireann’ agus ní hé Thomas Moore.