SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 7

Fágadh gach comhartha poncaíochta ar lár sa tsraith abairtí thíos. Scríobh na habairtí amach arís agus bíodh an phoncaíocht chuí iontu. Cuir do chuid oibre i gcomparaid leis na leaganacha samplacha i Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 7. Tá tuilleadh eolais faoi chúrsaí poncaíochta sa leabhar In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009).

1. Scríobh Seosamh Mac Grianna B’fhearr liom a bheith corr ná a bheith ceangailte agus is cosúil gur dhuine deacair docheansaithe a bhí ann más fíor dóibh siúd a raibh aithne acu air.

2. A pháistí ná bígí ag troid a bhéic mo mháthair.


3. As sin amach ní raibh ach cuspóir amháin ag Stalin ceannas a bhaint amach ar an bPáirtí Cumannach.


4. Leanaí le deacrachtaí foghlama a raibh sé riamh deacair dóibh teacht ar chabhair is mó a bheidh thíos leis na ciorruithe sa chóras oideachais de réir eagarfhocal The Irish Medical Times.


5. Deir mo bhean chéile nár fhreastail ar ranganna Fraincise riamh gur fusa an teanga a fhoghlaim ó bheith ag éisteacht agus ag léamh.


6. Is breá le lucht leanúna rugbaí in Éirinn agus is líonmhar iad a mhaíomh go bhfuil gaisce déanta acu i gcomórtais idirnáisiúnta ag cur san áireamh nach bhfuil ach sé mhilliún duine sa tír.
 

7. Ní nach ionadh tugadh bata is bóthar don Uasal Ó Laoire a bhfuil fiacha móra cearrbhachais air nuair a fuarthas amach go raibh an t-airgead aistrithe aige go dtí a chuntas féin.
 

8. I mí na Nollag 2009 bhagair Máire Ní Shíthigh Cathaoirleach an cruinniú bliantúil a scor mura ndéanfadh an Comhairleoir Ciarán Ó Fearraigh Neamhspleách ráitis áirithe a mheas sí a bheith clúmhillteach a tharraingt siar. 
 

9. Shéan an Comhairleoir Ó Fearraigh go raibh clúmhilleadh ar bith i gceist agus dúirt táthar ag iarraidh cead cainte a shéanadh orm faoi mar a séanadh cead cainte ar ionadaithe eile romham.
 

10. Mar seo a leanas na réigiúin ba mhó a bhí buailte leis na stoirmeacha Veiniséala nó chun a bheith níos cruinne cósta thuaidh na tíre sin Barbadós Greanáda Oileáin na Tríonóide agus Tobága.