SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh 2

Pointí plé

We examined1 the total capital2 expenditure under the scheme3 and the associated cost4 to the Exchequer, and the economic5 benefits. The study also identified6 changes which could be considered in relation to the ongoing operation of the scheme.

Major information7 deficiencies8 existed9 in relation to the operation and extent of usage of the relief.10 These deficiencies have been addressed11 as part of this study by utilising a wide range of sources. This has enabled us to prepare detailed estimates12 of the costs of the scheme. The estimated costs relate to projects undertaken since the inception13 of the scheme in 2002.

1. Ní gan dua a roghnódh an t-aistritheoir an focal ceart anseo. Tugtar an-chuid leaganacha faoin gceannfhocal examine ar www.focal.ie: scrúdaigh, cíor & déan cíoradh ar, cuir faoi chaibidil,  pléigh, trácht air. Thiocfadh ‘iniúch’ agus ‘breathnaigh’ a chur san áireamh chomh maith. An bhfuil ceann ar bith acu níos fearr ná a chéile?
Fadhb eile ná go dtugann na noda úsáide ar www.focal.ie le fios go bhfuil focail áirithe teoranta do réimsí áirithe saoil. Tá na noda ‘Oideachas’agus ‘Cúram sláinte’ le ‘scrúdaigh’, cuir i gcás. Déantar mic léinn agus othair a scrúdú – an féidir caiteachas a scrúdú fosta? Is féidir, agus is dócha gurb é sin an focal is fearr. Tá a shainchiall féin le ‘iniúch’ (audit) agus tá na leaganacha eile róghinearálta.

Tá rogha eile le déanamh idir an briathar (‘scrúdaíomar’) agus an frása réamhfhoclach (‘rinneamar scrúdú air’). Ó tharla an abairt a bheith fada, casta, tá buntáiste ag baint leis an leagan gonta ‘scrúdaíomar’ ach ba chabhair don léitheoir an réamhfhocal ‘ar’ a athrá roimh gach mír sa liosta.

2. An é an t-ainmfhocal sa ghinideach (‘caiteachas caipitil’) nó an aidiacht (‘caiteachas caipitiúil’) a theastaíonn anseo, nó an iad an dá mhar a chéile iad? Tá plé gairid air seo san iontráil AIDIACHT VS AINMFHOCAL SA GHINIDEACH  sa bhunachar Cruinneas. Is rídhócha gurb í an aidiacht a theastaíonn, mar is léir ón iliomad iontrálacha ar www.focal.ie agus www.achtanna.ie.

3. Is baolach don aistritheoir dul ar strae anseo agus a thabhairt le fios gur faoi bhun na scéime a rinneadh an scrúdú, murab ionann agus go ndearnadh scrúdú ar na suimeanna a caitheadh faoi bhun na scéime. Is minic a bhíonn an fhadhb chomhréire seo le sárú ag aistritheoirí ó Bhéarla go Gaeilge. Féach, mar shampla, ‘Scaoileadh saor iad siúd a bhí i bpríosún faoi bhun Chomhaontú Bhéal Feirste.’ Ar ndóigh, ní mar gheall ar an gComhaontú sin a cuireadh duine ar bith i bpríosún. A mhalairt ar fad: is mar gheall ar an gComhaontú a scaoileadh saor iad.

4. ‘Gaolmhar’ an focal is coitianta ar associated, ach cén chiall a bheadh ar ‘costais ghaolmhara don Státchiste’? Is é atá i gceist anseo ná na costais a tharraing caiteachas na scéime áirithe seo ar an Státchiste – ní na costais a bhaineann le caiteachas éigin eile. Measaim féin gur leor an aidiacht shealbhach ‘a’ (ag tagairt don chaiteachas) chun an méid sin a shoiléiriú: ‘a chostais [sin] don Státchiste’.

5. Sárshampla den neamhréir téarmaíochta a bhíonn le sárú ag an aistritheoir Gaeilge. Shílfeá go mbeadh téarma faofa amháin ann le haghaidh economic benefits ach féach go bhfuil ar a laghad ceithre leagan ann: ‘sochair eacnamaíocha’ agus ‘tairbhe eacnamaíoch’ (www.achtanna.ie)  agus ‘tairbhí eacnamaíocha’ (iolra) agus ‘leas eacnamaíoch’ ar iate.europa.eu. Bímis buíoch nach bhfuiltear anonn is anall idir ‘geilleagrach’, ‘geilleagair’, ‘eacnamaíoch’ agus ‘eacnamaíochta’ nó d’fhéadfadh sé leagan déag a bheith ann. Is leor leagan amháin a roghnú agus cloí leis. Is fearr liom féin 'sochair' mar (1) Is furasta é a chur san uimhir iolra (2) Tá brí eile le 'leas' (interest).

6. Shílfeá ar dtús gurbh fhearr ‘Aithníodh X sa staidéar’ (seachas ‘D’aithin an staidéar X’) ar an tuiscint nár cheart gníomh coinsiasach a chur i leith ruda gan chroí gan aigne. (Pléitear an cheist seo in Lorg an Bhéarla le Seán Mac Maoláin. Féach na hiontrálacha BECAME, BECOMING, REACH sa chaibidil ‘Eachtrannaigh eile’  www.acmhainn.ie/athchlo/lorganbhearla/lorg05.htm.). Má scríobhtar sin, áfach, is é a bheadh ann ‘Aithníodh athruithe sa staidéar...’ An sa staidéar atá na hathruithe a aithníodh?

7. ‘Eolas’ a déarfadh an gnáthdhuine le haghaidh information agus knowledge, gan dealú eatarthu in aon chor. Tharla gurbh éigean d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin dealú eatarthu: ‘faisnéis’ a thugtar ar information agus ‘eolas’ ar knowledge i dtéacsanna oifigiúla. Tá neamhréir shuntasach sna foinsí téarmaíochta éagsúla agus in ainmneacha eagraíochtaí maidir leis an bpointe seo.   

 8. Tá rogha le déanamh idir téarmaí éagsúla: easpa, easpacht, díothacht, uireasa agus easnamh. Nuair a bhíonn an t-aistritheoir idir dhá chomhairle faoi cé leagan a oireann don chomhthéacs, ba cheart dó/di samplaí a lorg sna corpais leictreonacha a bhaineann le hábhar. Sa chás seo, ní gá dul níos faide ná na Gluaiseanna breise ag bun na dtorthaí cuardaigh ar www.focal.ie, áit a bhfaightear samplaí a léiríonn úsáid an fhocail ‘easnamh’ m.sh. to remedy the deficiencies (application) / na heasnaimh a cheartú (iarratas).

 9. Is iomaí aistritheoir a d’fhéachfadh le focal Gaeilge a aimsiú atá ar aon bhrí le existed. Is leor a rá go raibh easnaimh ann.

10. Seans nár mhiste ‘faoiseamh’ a lua faoi dhó anseo, in ainneoin nach luaitear ach uair amháin sa Bhéarla é. Dá scríobhfaí ‘maidir le feidhmiú an fhaoisimh agus faoin meid úsáide a baineadh as’, d’fhéadfaí a thuiscint go bhfuil an forainm ‘as’ ag tagairt do ‘feidhmiú an fhaoisimh’. 

11. Is é is ciall do address sa chomhthéacs seo ná to deal with, to apply effort to a problem. Níl an chuma air go bhfuil leagan faoi leith a úsáidtear i dtéacsanna oifigiúla. Ní bheadh ‘cúiteamh’ i bhfad ón gceart anseo.

12. Is minic a aistrítear detailed leis an réimír ‘mion’ m.sh. a detailed description / mionchur síos’. Ní i gcónaí a oireann an rogha sin m.sh. nuair is more detailed atá le haistriú. Is mar gheall air sin atá ‘mionsonraithe’ tagtha chun cinn. Leagan úsáideach atá ann. Déanaimse amach go bhfuil ‘meastachán mionsonraithe’ níos soiléire ná ‘mionmheastachán’. 

13. Bíonn an rogha focal i gcónaí ag brath ar an seánra téacs. Dá mbeadh an téacs seo dírithe ar an ngnáthphobal is ‘ó bunaíodh’ nó ‘ó tosaíodh an scéim’ a bheadh agam. Ach is fearr a thagann ‘ó tionscnaíodh an scéim’ le blas oifigiúil an chuid eile den téacs.

Aistriúchán samplach

Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

 Rinneamar scrúdú ar an gcaiteachas caipitiúil iomlán a rinneadh faoi bhun na scéime, ar a chostas don Státchiste agus ar na sochair eacnamaíocha. Anuas air sin, d’aithin an staidéar  athruithe a d’fhéadfaí a mheas maidir le feidhmiú leanúnach na scéime. 

Bhí móreasnaimh faisnéise ann maidir le feidhmiú an fhaoisimh agus faoin méid úsáide a baineadh as an bhfaoiseamh. Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin, baineadh úsáid as raon leathan foinsí sa staidéar seo. Chuir sin ar ár gcumas dúinn meastacháin mhionsonraithe ar chostais na scéime a ullmhú. Baineann na costais réamh-mheasta le tionscadail ar tugadh fúthu ó tionscnaíodh an scéim sa bhliain 2002.