SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 3

An naoú haois déag: coireacht agus pionós

Ar an ochtú lá is fichid1 de mhí Eanáir 1829, phlód2 25,000 daoine3 isteach i gcathair Dún Éideann.4 B'annamh ariamh5 a bhfacthas6 slua chomh mór léi7 ar shráideanna príomhchathair8 na hAlban, agus ba deacair9 do na póilíní na daoine a choiméad10 faoi smacht. Beirt Gael11 a bhí i mbéal an phobail, agus bhí duine acu sin le crochadh an lá sin. Ach níor réabhlóidigh12 ná náisiúnaigh13 iad an dís dána14 seo, William Burke agus William Hare. B'é15 an gnó a bhí acu dúnmharú, réabadh reilige agus fuadach coirp16 na marbh.

Ba as Tír Eoghain don mBúrcach.17 Is san Urnaí, in iarthar na contae,18 a rugadh é. Liostáil sé i Mílíste Dhún na nGall agus é ina fhear óg agus, faoi dheireadh, d'imigh sé leis go hAlbain. Bhí Canáil an Aontais á thógáil19 idir Dhún Éideann20 agus an Eaglais Bhreac, agus is iomaí sin Éireannaigh21 a fostaíodh san fhiontar sin. Obair mheasartha mhaith22 a bhí ann, ar thuarastal 15/-  in aghaidh na seachtaine.
Le linn an ama seo tharla an Búrcach i measc tionóntaí23 theach lóistín William Hare, arbh as Contae an Dúin dó. Bhí seanphinsinéir sa teach nár íoc pingin chíosa le Hare le fada. Nuair a d'éag an seanduine, thug Burke agus Hare a chorp go dtí an Ollamh24 Robert Knox i gColáiste Mhíochaine25 Dhún Éideann. D'íoc seisean seacht bpúnt26 leo, mar ba dheacair san am sin theacht27 ar choirp le haghaidh thaighde anatamaíochta.28 Dá 'úire' iad na coirp ba mhó a d'íocadh an tOllamh leo. Bhí cúig phunt déag le fáil i gcomhair chorp duine29 nach raibh i bhfad marbh. Dar ndóigh, ní raibh Burke agus Hare foighneach go leor chun fanúint30 le tionóntaí bás nádúrtha a fháil. Thosaigh siad féin ag soláthar corp úr31 - seacht gcinn déag sular beireadh32 orthu i dtreo deireadh33 na bliana 1828. I measc mhuintir na gcúlshráideanna34 salacha a d'aimsídís a gcuid íobartaigh35 - striapaí,36 ógánaigh a bhí ar beagán céille,37 seandaoine nach raibh a gcosaint féin iontu.

D'éalaigh Hare ón chroch nuair a thoiligh sé fianaise a thabhairt i gcoinne a charad. Crochadh an Búrcach an lá geimhridh úd i 1829. D'fheannadh38 é, agus úsáideadh a chraiceann le haghaidh chumhdach leabhráin39 atá ar thaispeáint40 i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann.


1. Athraigh go 'an t-ochtú lá is fiche' nó 'an t-ochtú lá fichead'.

2. …phlód… Athraigh go 'phlódaigh'. Is minic a bhíonn siolla amháin sa mhodh ordaitheach/aimsir chaite sa chaint agus dhá shiolla sna leaganacha caighdeánacha in FGB, sin nó an bealach eile thart. Má bhíonn tú in amhras, breathnaigh ar FGB.

3. Athraigh go '25,000 duine'. Féach UATHA NÓ IOLRA: UIMHREACHA ATÁ INIOLRAITHE FAOI DHEICH sa bhunachar Cruinneas.

4. Athraigh go 'i gcathair Dhún Éideann'. Féach HATA FHEAR AN TÍ.

5. Athraigh go 'riamh'. Féach ARIAMH / RIAMH.

6. Athraigh go 'a chonacthas'. Is foirm spleách é 'bhfacthas' i.e. ní úsáidtear é ach le ceisteanna nó sa chlaoninsint nó i gclásal coibhneasta indíreach. Níl aon rud mar sin i gceist san abairt seo.

7. Athraigh go 'leis'. Tá 'slua' ina ainmfhocal firinscneach de réir FGB. Mar sin de, teastaíonn forainm firinscneach chun tagairt dó.

8. …ar shráideanna príomhchathair na hAlban… Athraigh go 'ar shráideanna phríomhchathair na hAlban'. Féach HATA FHEAR AN TÍ.

9. Athraigh go 'ba dheacair'. I gcanúintí áirithe ní bhíonn séimhiú ar na litreacha d, s agus t tar éis 'ba'. Ach bíonn an séimhiú sin ann sa Ghaeilge chaighdeánach: 'Ba shagart é', 'Ba dheas liom dul ann'.

10. Athraigh go 'a choimeád'.

11. Athraigh go 'Beirt Ghael'. Is é an tuiseal ginideach a leanann 'beirt' agus is gnách go gcuirtear séimhiú ar an ainmfhocal a thagann ina dhiaidh: 'beirt pháistí', 'beirt bhan'.

12. Athraigh go 'réabhlóidithe'. Sin é an t-iolra caighdeánach den ainmfhocal 'réabhlóidí' de réir FGB.

13. Athraigh go 'náisiúnaithe'. Sin é an t-iolra caighdeánach den ainmfhocal 'náisiúnaí' de réir FGB.

14. Athraigh go 'dís dhána'. Féach SÉIMHIÚ: BEAN DHUBH NÓ BEAN DUBH?

15. Athraigh go 'Ba é'. Is gnách leaganacha mar seo (an chopail agus forainm le chéile) a scríobh amach go hiomlán: 'is iad', 'is ea' srl.

16. Athraigh go 'fuadach choirp na marbh'. Féach HATA FHEAR AN TÍ.

17. …don mBúrcach… Tá an t-urú sin ceadaithe de réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (2012).  Séimhiú a leanann 'den', 'don' agus 'sa' i gcónaí de réir Chaighdeán Oifigiúil 1958. Ba cheart do scríbhneoirí a bheith leanúnach maidir le claochlú tosaigh sa tuiseal tabhartach, gan ‘sa mbaile’ a scríobh i líne amháin agus ‘sa bhaile’ níos faide anonn sa téacs.

18. Athraigh go ‘iarthar an chontae’.  Féach CONTAE / CONDAE.

19. Athraigh go 'á tógáil'. Is focal baininscneach ‘canáil’. Féach Á.

20. Athraigh go 'idir Dún Éideann'. Ní chuireann 'idir' séimhiú ar logainmneacha.

21. Athraigh go 'is iomaí sin Éireannach'. Féach UATHA NÓ IOLRA: IS IOMAÍ.

22. Athraigh go 'Obair measartha maith'. Féach SÉIMHIÚ LOCHTACH: AN DOBHRIATHAR.

23. Athraigh go 'i measc thionóntaí theach lóistín William Hare'. Féach HATA FHEAR AN TÍ.

24. Athraigh go 'go dtí an tOllamh'. Féach GO DTÍ.

25. Athraigh go 'i gColáiste Míochaine'. Féach COLÁISTE.

26. Athraigh go 'seacht bpunt'. Leagan malartach is ea 'púnt'.

27. Athraigh go 'teacht ar choirp'. Níl cuspóir díreach ag an mbriathar ‘tar’. Féach BHEITH / A BHEITH.

28. Athraigh go 'le haghaidh taighde anatamaíochta'. Féach SÉIMHIÚ LOCHTACH: BATA FEAR SIÚIL.

29. Athraigh go 'i gcomhair corp duine'. Féach SÉIMHIÚ LOCHTACH: BATA FEAR SIÚIL.Cé nach dtugtar aitheantas don struchtúr ‘bata fear siúil’ sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe, moltar an tuiseal ainmneach a úsáid tar éis réamhfhocail chomhshuite. Féach 3.2.4. 

30. Athraigh go 'fanacht'. Féach FAN.

31. Athraigh go 'ag soláthar coirp úra'. Más amhlaidh atá ainmfhocal éiginnte faoi réir ag ainm briathartha, agus má tá aidiacht nó focal cáilithe leis, ní dhéantar é a infhilleadh, mar shampla: 'ag déanamh obair mhaith'.

32. Athraigh go 'sular rugadh orthu'.

33. Athraigh go 'i dtreo dheireadh na bliana'. Féach HATA FHEAR AN TÍ.

34. Athraigh go 'cúlsráideanna'. Féach SÉIMHIÚ LOCHTACH: DNTLS.

35. Athraigh go 'a gcuid íobartach'. Is lagiolra é ‘íobartach’.

36. Athraigh go 'striapacha'. Sin é an t-iolra caighdeánach de réir FGB.

37. Athraigh go 'ar bheagán céille'.

38.  Athraigh go 'Feannadh é'. Ní theastaíonn an 'd' san aimsir chaite shimplí den saorbhriathar.

39.  Athraigh go 'le haghaidh cumhdach leabhráin'. Féach nóta 29 thuas.

40. Athraigh go 'ar taispeáint'. Ní shéimhítear tar éis 'ar' i bhfrásaí simplí a chuireann staid in iúl, mar shampla: 'ar bord', 'ar fónamh' srl.