SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 3

Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú. Iarradh ort cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil tríd síos.

Modh oibre

• Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
• Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
• Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
• Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
• Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
• Cuir d’iarracht féin i gcomparáid leis na nótaí sa chomhad ‘Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 3.’

An naoú haois déag: coireacht agus pionós

Ar an ochtú lá is fichid de mhí Eanáir 1829, phlód 25,000 daoine isteach i gcathair Dún Éideann. B'annamh ariamh a bhfacthas slua chomh mór léi ar shráideanna príomhchathair na hAlban, agus ba deacair do na póilíní na daoine a choiméad faoi smacht. Beirt Gael a bhí i mbéal an phobail, agus bhí duine acu sin le crochadh an lá sin. Ach níor réabhlóidigh ná náisiúnaigh iad an dís dána seo, William Burke agus William Hare. B'é an gnó a bhí acu dúnmharú, réabadh reilige agus fuadach coirp na marbh.

An bheirt choirpeach

Ba as Tír Eoghain don mBúrcach. Is san Urnaí, in iarthar na contae, a rugadh é. Liostáil sé i Mílíste Dhún na nGall agus é ina fhear óg agus, faoi dheireadh, d'imigh sé leis go hAlbain. Bhí Canáil an Aontais á thógáil idir Dhún Éideann agus an Eaglais Bhreac, agus is iomaí sin Éireannaigh a fostaíodh san fhiontar sin. Obair mheasartha mhaith a bhí ann, ar thuarastal 15/-  in aghaidh na seachtaine.

Le linn an ama seo tharla an Búrcach i measc tionóntaí theach lóistín William Hare, arbh as Contae an Dúin dó. Bhí seanphinsinéir sa teach nár íoc pingin chíosa le Hare le fada. Nuair a d'éag an seanduine, thug Burke agus Hare a chorp go dtí an Ollamh Robert Knox i gColáiste Mhíochaine Dhún Éideann. D'íoc seisean seacht bpúnt leo, mar ba dheacair san am sin theacht ar choirp le haghaidh thaighde anatamaíochta. Dá 'úire' iad na coirp ba mhó a d'íocadh an tOllamh leo. Bhí cúig phunt déag le fáil i gcomhair chorp duine nach raibh i bhfad marbh. Dar ndóigh, ní raibh Burke agus Hare foighneach go leor chun fanúint le tionóntaí bás nádúrtha a fháil. Thosaigh siad féin ag soláthar corp úr - seacht gcinn déag sular beireadh orthu i dtreo deireadh na bliana 1828. I measc mhuintir na gcúlshráideanna salacha a d'aimsídís a gcuid íobartaigh - striapaí, ógánaigh a bhí ar beagán céille, seandaoine nach raibh a gcosaint féin iontu.

D'éalaigh Hare ón chroch nuair a thoiligh sé fianaise a thabhairt i gcoinne a charad. Crochadh an Búrcach an lá geimhridh úd i 1829. D'fheannadh é, agus úsáideadh a chraiceann le haghaidh chumhdach leabhráin atá ar thaispeáint i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann.