Nótaí ar chleachtadh aistriúcháin 28
Ag seo thíos roinnt nótaí tráchta ar na habairtí a bhí le haistriú i gcleachtadh aistriúcháin 28. Tá leagan PDF le fáil anseo.
1. Mórchuid aidiachtaí agus focail cháilithe
Fraincis: Les cheveux tout blancs, incultes, légers, formaient bourrelet, et luisaient au-dessus de l’oreille.
Béarla litriúil: The hair, quite white, unkempt, fine, formed a band that shone above the ear.
Tá cinneadh le déanamh i dtosach cén aidiacht Ghaeilge is fearr a oireann do na haidiachtaí Fraincise.
- tout blanc / (geal) bán nó liath
- inculte / míshlachtmhar, gan chíoradh
- léger / mín, tanaí nó éadrom
Bainimis triail as iad a chur i ndiaidh a chéile, san ord a bhí siad sa bhunabairt:
A chuid gruaige, geal bán, gan chíoradh, tanaí, ina banda lonrach os cionn na gcluas.
Chuirfeadh sé comaoin ar an abairt sin na haidiachtaí gairide ‘ geal bán’ agus ‘tanaí’ a bheith in aice a chéile.
A chuid gruaige, geal bán, tanaí, gan chíoradh, ina banda lonrach os cionn na gcluas.
Níl sin ródhona ach is suimiúil mar a d’úsáid Ó Grianna réamhfhocal leis an tsraith aidiachtaí a bhriseadh:
Bhí ceann geal liath air, bhí, de ghruaig éadrom gan chíoradh agus í ina hurla loinnireach os cionn na gcluas.
Tá dul an chomhrá ar an dara ‘bhí’ sin agus ní miste é a fhágáil ar lár:
Bhí ceann geal liath air, de ghruaig éadrom gan chíoradh agus í ina hurla loinnireach os cionn na gcluas.
Bhí na húdair Chonallacha an-cheanúil ar an ‘de’ úd, mar is léir ó na samplaí seo:
- Bhí sé snoite tláith san aghaidh agus féasóg dhruidte air d’fhéasóg dhubh.
- Bhuail sé dorn ar an bhord, de dhorn throm cé nach ndearna sé mórán tormáin.
- Teach feirme, de theach mór fairsing a raibh ceann íseal air.
- Bhí marc-uisce air, de mharc mór scáileach.
Níl cur síos ar an úsáid sin san iontráil ‘de’ in FGB, ná i gceann ar bith de na graiméir ach oiread. Bíodh sin mar atá, tá cabhair ann don té a bheadh i ngleic le habairt fhada chasta.
2. Aidiachtaí contrártha agus ocsamórón
Béarla: His clothes had the shabby finery of a broken-down gentleman, but the air of a minor stage-player which they suggested was sharply contradicted by his face.
Ocsamórón is shabby finery a bhainfeadh tuisle as an aistritheoir, b’fhéidir. Cén chiall a bhainfeadh léitheoirí as ‘galántacht ghiobach?’
Mar seo a bhí ag Ó Gallchobhair ina aistriúchán siúd, a d’fhoilsigh an Gúm in 1937:
Dea-éadach caite, mar a bheadh ar uasal uair amháin, a bhí air, ach thug a aghaidh a eiteachas glan do dhealramh úd an mhionaisteora a bhain leis an éadach.
Is spéisiúil nach ndearna sé aistriúchán glan díreach ar an nath dúshlánach broken-down gentleman, ach dul i muinín na haimsire caite lena taispeáint nach n-oirfeadh an t-éadach don fhear uasal níos mó.