SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 2

Cé a cheannódh dán?


‘Ceist: cé a cheannódh dán?’ Mathain Ó hIfearnáin, file, a chuir an cheist sin, ós1 cionn ceithre chéad bliain ó shin. Bhí Mathain ag scríobh le linn deireadh2 ré na n-uaisle Gaelacha a bheireadh3 stádas agus patrúntacht4 do na filí agus a cheannaigh5 a gcuid dánta. As sin amach, ní raibh in ann6 do lucht éigse na Gaeilge ach an chluas bhodhar agus dímheas. Mhair an scéal mar sin gur thosaigh na hÉireannaigh ag cur suime ina n-oidhreacht chultúir agus theanga7 an athuair, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893.

Faoi thús an fhichiú8 haois bhí an athbheochán9 faoi lán seol10 agus bhí leabhair á bhfoilsiú go tiubh. B’iad11 an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus Pádraic Ó Conaire a scríobh na saothair ba mhó éilimh12 san am: Séadna agus Deoraíocht. Go deimhin, bhí sé de rún ag Pádraic a bheatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is deacair samhlú13 cén díoma14 a bhí air nuair a thuig sé go mbeadh air tabhairt faoi gach saghas mioncheapadóireacht15 leis an gorta16 a choimeád ó dhoras a thí.

Tháinig snag i saothrú na Gaeilge tar éis an Chogaidh Cathartha.17 Ní go dtí tar éis an Dara Cogadh Domhanda a tháinig brí nua i litríocht na Gaeilge. Ba shin18 an uair19 ar tháinig Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin ar an bhfód. Filí a bhí sna triúr20 sin, ach bhí gealladh faoin scríbhneoireacht phróis ach oiread.21 Ach ní raibh ag éirí le duine ar bith slí bheatha a dhéanamh den scríbhneoireacht. Státsheirbhísigh22 a bhí sa Ríordánach agus sa Direánach ar aon.23 Bhí dúil as cuimse ag Seosamh Mac Grianna i gceird na scríbhneoireachta, agus ba mhian leis a cleachtadh go lánaimseartha. In áit sin,24 chaith sé a laethanta ag aistriú leabhar Béarla25 don Ghúm– leabhair nach raibh fiúntas rómhór ag baint leo ó thaobh an ficsin26 de. Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i mbun na hoibre céanna, ach bhí sé go mór in éadan polasaí27 seo an aistriúcháin. Mhaígh sé gurbh fhearr go mór dúinn scríbhneoirí dar28 gcuid féin a bheith againn ná bheith ag iarraidh ár gcoda29 féin a dhéanamh de litríocht an tsaoil mhóir. Is beag an duine30 inniú31 a déarfadh nach raibh an ceart aige.

Bhí sé de mhí-ádh ar na scríbhneoirí sin gur mhair siad san am a raibh na pingneacha32 gann. Faoin am ar tháinig an chéad ghlún33 eile scríbhneoirí, bhí Éire níos ráchmasaí34 agus níos féinmhuiníní. Ba in Ollscoil Chorcaigh,35 sna 1970í, a chas scata d’fhilí óga ar a chéile, gur bhunaigh siad an t-iris36 Innti. Ar na scríbhneoirí ab iomráitigh37 ina measc bhí Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Bhí siad go mór faoi thionchur38 a léachtóir,39 an t-Ollamh40 Seán Ó Tuama, ar41 fhile maith é féin. Ní dócha go raibh aon sprioc cinnte42 ag na filí óga seo, ná gurbh ionann na foinsí a mhúnlaigh a stíl scríbhneoireachta. Bhí Davitt faoi dhraíocht ag Bob Dylan, mar shampla, agus ba iad na sean-scéalta43 béaloideasa44 a chluineadh sí i nGaeltacht Chiarraí a spreag Ní Dhomhnaill chun pinn. Ach bhí an mhéid45 seo de chosúlacht idir na scríbhneoirí: bhí siad ag lorg phobal46 léitheoireachta. Thosaigh siad ar a saothar a fhoilsiú go dhátheangach47 – na bundhánta48 Gaeilge ar leathanach amháin agus aistriúcháin Bhéarla taobh leo. Ba de49 thoradh sin a chuir lucht an Bhéarla eolas ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. Bhain cuid de na filí ballraíocht amach in Aosdána, eagraíocht a chuireann tuarastal ar fáil chun go mbeidh a gcuid baill50 ábalta díriú ar na healaíona go lánaimseartha.

1. os... Féach an iontráil OS NÓ ÓS in 'Cruinneas'.
2. dheireadh...Féach an iontráil HATA FHEAR AN TÍ.
3. thugadh...
4. pátrúnacht...Ni mór síneadh fada a chur ar an gcéad siolla. Leagan amalartach a bheadh in 'pátrúntacht'.
5. cheannaíodh... Féach an iontráil AIMSIR CHAITE SHIMPLÍ / AIMSIR GHNÁTHCHAITE.
6. i ndán... Féach an iontráil IN ANN NÓ i NDÁN.
7. teanga... Féach an iontráil SÉIMHIÚ LOCHTACH: DNTLS.
8. an fichiú... Ní shéimhítear an focal seo i ndiaidh an ailt. Féach na samplaí in FGB.
9. athbheochan... Féach an iontráil ATHBHEOCHAN.
10. lán seoil (nó ‘lánseol’)
11. Ba iad...Scríobhtar foirm iomlán na copaile roimh na forainmneacha é, í, iad, ea.
12. éileamh... Féach an iontráil SÁRCHÉIM.
13. a shamhlú... Féach an iontráil A RÉAMHTHEACHTACH.
14. díomá...Sin an litriú caighdeánach de réir FGB.
15. mioncheapadóireachta...Foirm an ghinidigh a theastaíonn i ndiaidh ‘saghas’.
16. leis an ngorta (nó ‘leis an ghorta’)... Cuirtear claochlú tosaigh ar ainmfhocal fiú agus é ina chuspóir i gclásal infinideach m.sh. leis an ngnó a dhéanamh, an teanga a athbheochan tríd an nGaeilge a mhúineadh sna scoileanna srl.
17. Chathartha...Is aidiacht shimplí é ‘cathartha’ agus séimhítear é tar éis ‘an Chogaidh’.
18. B’in... De réir FGB.
19. a...Coibhneas díreach a leanann ‘uair’.
20. sa triúr...Ní raibh ach triúr amháin ann.
21. chomh maith (nó ‘freisin’, ‘fosta’, ‘leis’)... In abairtí diúltacha a úsáidtear ‘ach oiread.’
22. Státseirbhísigh... Féach an iontráil SÉIMHIÚ LOCHTACH: DNTLS.
23. Araon...Ina aon fhocal a scríobhtar é de réir FGB.
24. Ina áit sin... Féach an iontráil  RÉAMHFHOCAL COMHSHUITE LE MÍR THAISPEÁNTACH / FORAINM.
25. ag aistriú leabhair Bhéarla... D’aistrigh sé níos mó ná leabhar amháin.
26. fhicsin... Níl cúis ar bith nach mbeadh séimhiú ann.
27. pholasaí... Féach an iontráil HATA FHEAR AN TÍ.
28. dár...Féach an iontráil DAR NÓ DÁR?
29. gcuid...Féach GGBC: 9.25.
30. Is beag duine... Féach an iontráil IS BEAG (AN).
31. Inniu...Seanlitriú is ea ‘inniú’.
32. pinginí... Is iolra malartach é ‘pingneacha’.
33. ghlúin...Ginideach iolra is ea ‘glún’.
34. rachmasaí...Sin é an litriú caighdeánach.
35. Chorcaí...Is ainmfhocal baininscneach é ‘corcach’.
36. an iris...Is focal baininscneach ‘iris’.
37. ab iomráití...
38. thionchar...Seanlitriú is ea ‘tionchur’.
39. léachtóra...Teastaíonn foirm an ghinidigh tar éis ‘tionchar’.
40. an tOllamh...Níl feidhm le fleiscín roimh an gceannlitir.
41. arbh... Sin an fhoirm a úsáidtear roimh ghutaí agus fh+ guta.
42. chinnte...Is focal baininscneach é ‘sprioc’, in ainneoin críoch leathan a bheith air.
43. seanscéalta...Níl feidhm le fleiscín.
44. béaloidis...Is ginideach malartach é ‘béaloideasa’.
45. an méid... Féach an iontráil MÉID / MÉAD.
46. pobal... Féach an iontráil SÉIMHIÚ LOCHTACH: IONAD CÉILLE NEAMHCHINNTE.
47. dátheangach...Níl cúis ar bith le séimhiú.
48. bundánta...Féach an iontráil SÉIMHIÚ LOCHTACH: DNTLS.
49. ... Féach an iontráil  RÉAMHFHOCAL COMHSHUITE LE MÍR THAISPEÁNTACH / FORAINM.
50. ball... Is lagiolra é ‘ball’.
 

Pointí plé
 

  • Níor cheart na hainmneacha pearsanta a chaighdeánú ná leithéidí ‘Peadar Ó Laoire’, ‘Pádraig Ó Conaire’ ná ‘Máire Mac an tSaoi’ a scríobh. Is fíor, áfach, go bhfuil cinneadh le déanamh idir ‘Ó Laoghaire’ agus ‘Ua Laoghaire’. Tá an dá leagan in úsáid.
  • Ni miste ainmneacha na leabhar a scriobh de reir litriu an lae seo (seachas Deoraidheacht agus Séadna) mar foilsíodh atheagráin faoi na teidil sin.
  • Bheadh ‘Aos Dána’ níos cruinne de réir nualitriú na Gaeilge, ach ní hé sin ainm na heagraíochta.
  • Bheadh fonn ar dhuine, b’fhéidir, an abairt seo a leasú: ‘Bhí dúil as cuimse ag Seosamh Mac Grianna i gceird na scríbhneoireachta, agus ba mhian leis a cleachtadh go lánaimseartha.’ Seans gurbh fhearr le daoine ‘í a chleachtadh’ ach féach gur féidir an aidiacht shealbhach a úsáid in áit an fhorainm i bhfrása infinideach. Féach na samplaí in FGB faoin gceannfhocal a5: ‘Bhí orm a chur, a cur, a gcur ar scoil. I had to send him, her, them to school.’
  • Úsáideadh an giorrúchán ‘na 1970í’ seachas ‘na seachtóidí’ a scríobh. Tá roinnt leaganacha den ghiorrúchán sin in úsáid, mar shampla: 1970idí. Measaimse gurb é ‘í’ an ceann is slachtmhaire ach b’fhéidir go mbeadh ar an eagarthóir cloí le stíl áirithe. Ba cheart a bheith leanúnach, cibé foirm a úsáidtear.
  • Is nós le daoine ‘a chluineadh sí’ a athrú go ‘a chloiseadh sí’, ach tá an dá leagan chomh caighdeánach lena chéile.