SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 2

 Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú. Iarradh ort cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil tríd síos.

Modh oibre

  • Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
  • Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
  • Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
  • Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
  • Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
  • Cuir d’iarracht féin i gcomparáid leis na nótaí sa chomhad Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 2.
     

 

Cé a cheannódh dán?

‘Ceist: cé a cheannódh dán?’ Mathain Ó hIfearnáin, file, a chuir an cheist sin, ós cionn ceithre chéad bliain ó shin. Bhí Mathain ag scríobh le linn deireadh ré na n-uaisle Gaelacha a bheireadh stádas agus patrúntacht do na filí agus a cheannaigh a gcuid dánta. As sin amach, ní raibh in ann do lucht éigse na Gaeilge ach an chluas bhodhar agus dímheas. Mhair an scéal mar sin gur thosaigh na hÉireannaigh ag cur suime ina n-oidhreacht chultúir agus theanga an athuair, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893.

    Faoi thús an fhichiú haois bhí an athbheochán faoi lán seol agus bhí leabhair á bhfoilsiú go tiubh. B’iad an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus Pádraic Ó Conaire a scríobh na saothair ba mhó éilimh san am: Séadna agus Deoraíocht. Go deimhin, bhí sé de rún ag Pádraic a bheatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is deacair samhlú cén díoma a bhí air nuair a thuig sé go mbeadh air tabhairt faoi gach saghas mioncheapadóireacht leis an gorta a choimeád ó dhoras a thí.

    Tháinig snag i saothrú na Gaeilge tar éis an Chogaidh Cathartha. Ní go dtí tar éis an Dara Cogadh Domhanda a tháinig brí nua i litríocht na Gaeilge. Ba shin an uair ar tháinig Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin ar an bhfód. Filí a bhí sna triúr sin, ach bhí gealladh faoin scríbhneoireacht phróis ach oiread. Ach ní raibh ag éirí le duine ar bith slí bheatha a dhéanamh den scríbhneoireacht. Státsheirbhísigh a bhí sa Ríordánach agus sa Direánach ar aon. Bhí dúil as cuimse ag Seosamh Mac Grianna i gceird na scríbhneoireachta, agus ba mhian leis a cleachtadh go lánaimseartha. In áit sin, chaith sé a laethanta ag aistriú leabhar Béarla don Ghúm– leabhair nach raibh fiúntas rómhór ag baint leo ó thaobh an ficsin de. Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i mbun na hoibre céanna, ach bhí sé go mór in éadan polasaí seo an aistriúcháin. Mhaígh sé gurbh fhearr go mór dúinn scríbhneoirí dar gcuid féin a bheith againn ná bheith ag iarraidh ár gcoda féin a dhéanamh de litríocht an tsaoil mhóir. Is beag an duine inniú a déarfadh nach raibh an ceart aige.

    Bhí sé de mhí-ádh ar na scríbhneoirí sin gur mhair siad san am a raibh na pingneacha gann. Faoin am ar tháinig an chéad ghlún eile scríbhneoirí, bhí Éire níos ráchmasaí agus níos féinmhuiníní. Ba in Ollscoil Chorcaigh, sna 1970í, a chas scata d’fhilí óga ar a chéile, gur bhunaigh siad an t-iris Innti. Ar na scríbhneoirí ab iomráitigh ina measc bhí Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Bhí siad go mór faoi thionchur a léachtóir, an t-Ollamh Seán Ó Tuama, ar fhile maith é féin. Ní dócha go raibh aon sprioc cinnte ag na filí óga seo, ná gurbh ionann na foinsí a mhúnlaigh a stíl scríbhneoireachta. Bhí Davitt faoi dhraíocht ag Bob Dylan, mar shampla, agus ba iad na sean-scéalta béaloideasa a chluineadh sí i nGaeltacht Chiarraí a spreag Ní Dhomhnaill chun pinn. Ach bhí an mhéid seo de chosúlacht idir na scríbhneoirí: bhí siad ag lorg phobal léitheoireachta. Thosaigh siad ar a saothar a fhoilsiú go dhátheangach – na bundhánta Gaeilge ar leathanach amháin agus aistriúcháin Bhéarla taobh leo. Ba de thoradh sin a chuir lucht an Bhéarla eolas ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. Bhain cuid de na filí ballraíocht amach in Aosdána, eagraíocht a chuireann tuarastal ar fáil chun go mbeidh a gcuid baill ábalta díriú ar na healaíona go lánaimseartha.