SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh 13

Athaontú teaghlaigh


Chun críocha1 na tuarascála2 seo, tá an téarma ‘athaontú teaghlaigh’ le tuiscint i gciall leathan. Folaíonn3 sé cásanna ina ndéantar aonad teaghlaigh de náisiúnaigh tríú tír4 a bhunú ar an gcoigríoch5 i ndiaidh don urraitheoir cónaí dlíthiúil6 a bhaint amach sa Bhallstát (bunú teaghlaigh) chomh maith le cásanna ina raibh an cóngas gaoil ann cheana sa tír thionscnaimh7 (athaontú teaghlaigh). Ina theannta sin, scrúdaítear cén chosaint atá ag aonad teaghlaigh a bunaíodh i gceann de na Ballstáit ar bhall teaghlaigh nó roinnt baill teaghlaigh a ionnarbadh8 (teaghlaigh a choimeád le chéile). 

Sa tuairisc seo, tagraíonn an téarma ‘urraitheoir’ do chónaitheoir i gceann de na Ballstáit atá ag iarraidh9 cónaí lena b(h)all teaghlaigh nó lena b(h)aill teaghlaigh tríú tír sa Bhallstát sin. Féadann an t-urraitheoir a bheith ina náisiúnach tríú tír, ina10 s(h)aoránach de chuid an Aontais a bhain leas as a c(h)eart saorghluaiseachta nó ina náisiúnach de chuid an Bhallstáit atá i gceist.

Tráchtaireacht


1. Cé go bhféadfaí for the purposes of a aistriú ar a lán slite, is é sin an friotal a úsáidtear i dtéacsanna oifigiúla de ghnáth. Féach an iontráil CHUN CRÍCHE/CHUN CRÍOCHA sa bhunachar Cruinneas le haghaidh tuilleadh eolais ar úsáid an natha.

2. Murab ionann agus ‘tuairisc’. Féach TUAIRISC NÓ TUARASCÁIL?

3. Is dócha gur ‘cuimsíonn’ nó ‘clúdaíonn’ is túisce a rithfeadh leis an aistritheoir chun includes a aistriú. Arís, is den fhriotal oifigiúil Gaeilge é ‘folaigh’.

4. Is cabhair dúinn an réamhfhocal 'de' agus a family unit of third country nationals á aistriú. Briseann sé an tsraith focal agus éascaíonn an tuiscint. Ba dheacair ‘aonad teaghlaigh náisiúnaigh tríú tír’ a thuiscint.

5. Tá ‘ar an gcoigríoch’ níos beaichte ná leaganacha mar ‘thar lear’ agus ‘thar sáile’ (a chiallaíonn ‘thar farraige’). Ó tharla go bhféadfadh tír ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith i gceist anseo, fiú tíortha nach bhfuil cósta ar bith acu, is fearr ‘ar an gcoigríoch’ a úsáid.

6. Legal residence atá sa Bhéarla. Ní gan dua a aistrítear legal agus lawful go Gaeilge, nó is téarmaí iad nach ndéantar dealú róbheacht eatarthu. Tríd is tríd, úsáidtear ‘dleathach’ sa Ghaeilge san áit a bhfuil lawful sa Bhéarla, i.e. ceadaithe de réir dlí. Úsáidtear ‘dlíthiúil’ chun legal a aistriú de ghnáth, i.e. bainteach le cleachtadh nó le teoiric nó le próiseas an dlí. Ach is minic a úsáidtear legal i dtéacsanna Béarla amhail is go bhfuil sé ar aon chiall le lawful agus is deacair don aistritheoir fios a bheith aige cad é go díreach a bhí ar intinn an údair. I gcás legal residence, ‘dlíthiúil’ is fearr mar táthar ag trácht ar chónaí a chomhlíonann riachtanais an dlí agus a bhfuil stádas dlíthiúil faoi leith ag baint leis.

7. Úsáidtear leagan eile i ndoiciméid oifigiúla, i.e. ‘tír bhunaidh’.

8. ‘Díbirt’ nó ‘ruaigeadh’ is túisce a rithfeadh le duine, ach is é ‘ionnarbadh’ an téarma ceart. Ná húsáidtear ‘díchur’ sa chomhthéacs seo!

9. Caithfidh an t-aistritheoir freastal ar an bhfriotal inscne-neodrach atá sa Bhéarla, ach is deas an ‘ar mian leis/léi’ a sheachaint más féidir é.

10. Sílim gur cabhair don léitheoir an ‘ina’ a athrá i ngach cás, chun a léiriú go bhfuiltear fós ag tagairt don urraitheoir.