Tá tábhacht nach beag leis an aiste seo ó thaobh stair théarmaíocht na Nua-Ghaeilge de. Thug an t-údar, G.T. Paghan, dúshlán na scríbhneoirí sin a thabharfadh tús áite don ‘ghlan-Ghaeilge’ seachas don chruinneas i gcúrsaí saintéarmaíochta. Inniu féin, tá feidhm leis na hargóintí a tharraing Paghan chuige féin maidir leis na buntáistí a bhaineann le téarmaí traslitrithe 'idirnáisiúnta'.

Foilsíodh an aiste ar Féilscríbhinn Torna: Essays and Studies Presented to Professor Tadhg Ua Donnachadha (Cork University Press, 1947). Séamus Pender a chuir an bunsaothar in eagar. Is liomsa na fonótaí mínithe agus na hipearnaisc. Tá caighdeánú áirithe déanta agam ar an téacs.

Tá leagan PDF den alt le fáil anseo.

Téarmaíocht na hEolaíochta

Murab ionann agus tíortha eile mar ar fhás téarmaíocht na hEolaíochta go mall nádúrtha, d’fhéadfaí a rá gur d’aon bhuille amháin a cruthaíodh in Éirinn í le teacht amach an leabhráin Téarmaí Eoluidheachta timpeall cúig bliana déag ó shin. Is follas gurbh ar éigean a d’fhéadfadh an scéal gan a bheith amhlaidh agus a laghad a saothraíodh an Ghaeilge mar theanga thionscail le trí chéad bliain. Tagann de, ámh, nach féidir cur síos a dhéanamh ar cheist na téarmaíochta gan bheith ag síorthagairt, pé acu le fabhar nó a mhalairt, don leabhrán úd inar céadchuireadh ar fáil í.

Mar is eol do chách, bhí Téarmaí Eoluidheachta ar cheann de na foclóirí beaga teicniúla a d’fhoilsigh an Rialtas, agus arbh é a ngnó an Ghaeilge a chur in oiriúint do shaol an lae inniu. Pé meas atá ar na Téarmaí anois, is cinnte gur fáiltíodh go coitianta rompu nuair a cuireadh os comhair an phobail ar dtús iad. Agus má bhí daoine nach raibh sásta ar fad leis an tslí inar deineadh an obair, bhí a thuilleadh acu agus mheas siad nár theastaigh ach a leithéid sin díreach chun teanga chríochnaithe nua-aimseartha a dhéanamh den Ghaeilge agus í a chur ó bhaol feasta.

B’fhéidir gur locht orainne an trá misnigh a bhraithimid ann inniu seachas an t-am úd, nó b’fhéidir gur fearr a thuigimid anois a dheacra atá sé teanga lag fhánach a sciobadh ó bhéal na huaighe. Pé acu scéal é, ní chreidtear a thuilleadh gur teanga í an Ghaeilge nach maródh ualach ar bith í. Dá bhrí sin táthar, nó ba cheart go mbeifí, níos cúramaí anois faoi cad is téarmaíocht mhaith ann, ní hamháin ó thaobh na hEolaíochta féin ach ó thaobh athbheochan na Gaeilge chomh maith.

Ní fhágann sin, ámh, nár chéim ar aghaidh na Téarmaí tráth a tháinig siad. A mhalairt ar fad. Iarracht mhisniúil ba ea iad chun ceist nua achrannach a réiteach. Ní raibh aon ionadh, ar ndóigh, ach a chalma a thug údair an leabhair sin faoin nGaeilge, idir shean agus nua, a chur i bhfeidhm ar na focail agus ar na smaointe ba chasta a bhí san Eolaíocht. Is léir, leis, go raibh géarghá le rud éigin údarásach mar é ó láimh an Rialtais ar dtús, dá mba rud féin é nach mbeadh ann ach ábhar díospóireachta amháin. Agus go deimhin bhí tairbhe thairis sin sna Téarmaí céanna. Cabhair mhór ba ea iad don té a bhí ag casadh le teanga nua, mar a déarfá, a cheapadh as a stuaim féin do bhrainsí nár saothraíodh i nGaeilge riamh roimhe sin. Mar bhí toradh saothair daoine eile, daoine léannta cuid acu, le fáil go háisiúil den chéad uair don ghnó nua seo, agus leid agus ábhar machnaimh ann dá réir.

Ach ag féachaint siar dúinn ar na Téarmaí anois caithfear a admháil go raibh siad lochtach go maith in áiteanna – deasca an deabhaidh cuid de sin is dócha. Meascra neamhionann ba ea iad, ach go háirithe, gan puinn rialtachta ná teacht le chéile le haithint orthu. De bhunadh éagsúil iad, cuir i gcás, agus é sin de réir toile go minic ba dhóigh leat; cuid acu tarraingthe ó shaol na tuaithe, cuid acu idirnáisiúnta an té a d’aithneodh iad, agus a thuilleadh curtha le chéile go saorga ó fhréamhacha dúchasacha de réir an nóis Ghearmánaigh.

Níl aon amhras ná go raibh caoi againn ó shin ar cheist na téarmaíochta i gcoitinne a scrúdú ón uile thaobh. Agus más é toradh an scrúdaithe sin go dtuigimid feabhsú a bheith ag teastáil ó na téarmaí atá anois ann, is léir gur chóir pé ceartú atá uathu a dhéanamh gan mhoill sula rachaidís in aois nó i ndiongbháilteacht a thuilleadh. Maidir le mionphointí an fheabhsaithe atá de dhíth orthu, b’fhéidir nach lia údar ná tuairim. Ach an mhuintir a bhfuil taithí phraiticiúil acu ar an scéal, is dócha go n-admhódh a bhformhór gur gá leasú áirithe ar a laghad. Agus gurb é an saghas leasaithe é sin ná na téarmaí a thabhairt isteach i bhfad níos dlúithe leis na nósanna idirnáisiúnta a bhaineann leis an Eolaíocht sna teangacha eile, agus roinnt mhaith den dúchasaíocht cainte a ligean ar lár. Is é gnó an dréachta seo anois na fáthanna atá leis an tuairim sin a nochtadh, agus a chur i soiléire, más féidir, gur leas na teanga agus leas na hEolaíochta araon an t-athrú sin.

(1) An mac léinn

Aon duine a raibh air riamh teanga nach teanga an tinteáin í a fhoghlaim, tá a fhios aige go maith a dhéine a thagann sé ar dhuine fíorshaoráideacht cainte a shroicheadh inti. Más teanga fhánach a bhíonn i gceist, agus gan í á labhairt go forleathan cheana, is léir gur duaisiúla fós a thiocfaidh an obair sin ar an bhfoghlaimeoir. Gan trácht, ar ndóigh, ar é a bheith de dhualgas breise air an teanga sin a leathnú sa ghnáthchaint arís. Agus ós é sin díreach a deirtear is aidhm linn a dhéanamh leis an nGaeilge, is follas nach ceart constaicí a chur i slí an fhoghlaimeora gan ghéarghá. Cad é mar chonstaic dá leithéid, ámh, téarmaí saorga a chur siar air, téarmaí nach bhfaigheadh sé a macasamhail i dteanga ar bith eile agus nach bhféadfadh sé a thuiscint go minic ach le cabhair an Bhéarla idirnáisiúnta a fhreagraíonn dóibh.

Seo sampla nó dhó as na Téarmaí a thaispeánfaidh nach cur leis an bhfírinne an méid sin. ‘Sgaig-dhealú’1  an focal atá acu ar dialysis, is é sin ar fhocal cruinn faoi leith eolaíochta atá le fáil, gan oiread agus athrú litreach nach mór, i dteangacha an domhain ó Vladivostok anoir. ‘Triarmheadar’ atá ann mar Ghaeilge ar polarimeter an Bhéarla,2 polarimètre (Fraincis), polarimeter (Gearmáinis) agus polarimeter (Rúisis). ‘Ciandarcán’ ar telescope3  etc.; ‘eibliocht’4  ar emulsion etc.

Ní haon chabhair don Ghaeilge focail mar iad siúd, ná ní baol di ach oiread béarlagair idirnáisiúnta na hEolaíochta. Áiteofar, b’fhéidir, gur sracmhíniú, nó parafrása cuibheasach maith, an Ghaeilge úd a cuireadh orthu. Fágaimis gurb ea féin, ní leor é sin. Is mór an chiotaí agus an t-aistear an míniú in áit an fhocail; d’fhéadfaí a rá gurb é a mhalairt is fás teanga ann. Is ionann an saghas téarmaíochta thuas agus ‘ingneacháinín coséadrom’5  a thabhairt ar an gcat idirnáisiúnta, i leith is gur Gaelaí agus gur soiléire an t-ainm sin.

Fiú amháin dá mba chun dul ón mbéarlachas, mar a tuigeadh é, a ceapadh na téarmaí uafásacha úd ar dtús, tá fuar aige mar ghnó. Mar, dá mba go bhféadfaí gach leabhar Béarla a choimeád ón mac léinn ollscoile, rud nach dócha, bheadh air fós mórán dá chuid eolais a fháil ó leabhair agus ó irisí Fraincise agus Gearmáinise ar a laghad. Agus is iad na focail cheannann chéanna a ceileadh air sa Bhéarla, toisc a ghallda a thaibhsigh siad, is iad sin díreach a gheobhaidh sé sna teangacha eile leis. Is é is ciallmhaire, mar sin, iad a chur ar fáil dó ó thosach.

Tá ní eile i bhfabhar na téarmaíochta idirnáisiúnta ó thaobh an mhic léinn. Is é sin gur áis agus cabhair dó í chun labhairt na Gaeilge. Tá a fhios ag an múinteoir eolaíochta, agus ag múinteoirí eile leis, b’fhéidir, a dheacra is a bhíonn sé caint a bhaint as na mic léinn sa rang. Tuigeann siad a ndeirtear leo ceart go leor, de dhealramh, agus éisteann siad go foighneach, ach is annamh fonn cainte orthu ná fonn pléite a n-ábhair léinn leis an múinteoir, rud a dhéanfaidís gan scáth i mBéarla. Bíodh is nach ceart a bheith ag súil leis an éascaíocht chéanna cainte sa dá chás, is léir go mbíonn an téarmaíocht mhínádúrtha dhúchasach úd ag cur leis na deacrachtaí, agus gur cosc ar dhul ar aghaidh na Gaeilge í dá chionn. In ionad an mac léinn a dhalladh le dhá shraith de théarmaí éagsúla, dá ligfí dó úsáid a bhaint as an téarmaíocht idirnáisiúnta a gheobhadh sé ina chuid leabhar, is amhlaidh is fusa go mór a thiocfadh air an t-eolas nua a fhí isteach sa Ghaeilge atá aige cheana féin agus feidhm a bhaint aisti.

(2) An Eolaíocht

Lasmuigh d’athbheochan na Gaeilge ar fad tá dochar mór á dhéanamh do chruinneas agus do shoiléireacht smaointe agus cainte ag na téarmaí nuacheaptha dúchasacha úd. Is éard a theastaíonn ón bhfocal eolaíochta thar gach ní ná brí bheacht chúng aonchiallach, agus is gnách a mhalairt díreach a bheith ag roinnt leis an bhfocal dúchasach. Seo sampla. Más ‘ceartdathach’ (inter alia) an Ghaeilge ar achromatic,6 mar a deir Na Téarmaí, cad é an Ghaeilge ar orthochromatic7 nó ar panchromatic?8 An focal céanna arís, an ea? Más ea, tá deireadh le cruinneas agus le hEolaíocht. Nach fearr agus nach simplí na focail idirnáisiúnta sin a ghlacadh mar atá siad (ní miste eireaball Gaelach orthu ar ndóigh)? Agus nach é is lú baol leis? Mar dá n-éireodh féin le lucht na Téarmaí focal sásúil dúchasach a sholáthar do gach aon cheann acu sin thuas, cá bhfios ná go dtiocfadh an ceathrú nó an cúigiú saghas chromatic an treo amárach?9 Agus bheifí i gcás arís ansin.

Ós ag trácht air sin dúinn, ní miste tagairt a dhéanamh d’fhás na hEolaíochta. Mar is ansin a fheictear an bua faoi leith a bhíonn ag an bhfocal idirnáisiúnta seachas an saghas eile, sa mhéid gur furasta leathnú air, nó focail eile a tharraingt as, de réir riachtanais nua agus fhorás an ábhair féin. Ciotaí is ea an focal dúchasach sa chás seo, agus is minic a chaitear é a ligean ar lár ar fad i ndeireadh na dála. Léireoidh sampla nó dhó as teanga eile an rud sin. Hebel an focal a bhí ar siphon (agus ar lever leis, focal samhlachúil dúchasach!)10 agus zaehfluessigkeit ar viscosity11 sa Ghearmáinis. Mhair siad sin sámh go maith go dtí go raibh ó lucht na hEolaíochta nithe a siphonáil agus modhanna viscometric12 a úsáid. Ansin bhí ar an nGearmánach na focail sifonieren agus viscometrisch agus a thuilleadh a chumadh, agus na seanainmneacha a ligean chun báis diaidh ar ndiaidh. Agus b’fhearr agus ba shimplí, tar éis an tsaoil, siphon agus viscous, nó focail mar iad, a ghlacadh an chéad lá i gcomhair cúrsaí eolaíochta agus gan dhá shraith d’ainmneacha éagsúla a bheith aige ar na gnóthaí céanna sa deireadh.

Sin é díreach an galar atá ag gabháil don Ghaeilge inniu, ach gur d’ainneoin an rabhadh sin a fháil ón nGearmáinis a tharraingíomar orainn féin é. Más ‘dí-ocsoighniú’,13cuir i gcás, an focal ar reduction an Bhéarla, réduction (Fraincis), reduktion (Gearmáinis), reduktion (Rúisis), mar a deir na Téarmaí (agus ní hé seo an sampla is measa), cad a thabharfar ar an tsraith thábhachtach sin de na dathanna ar a dtugtar na Redox (i.e. reduction-oxidation indicators i mBéarla)? Na ‘dí-ocs-ocsanna’ an ea?14 Agus cá bhfios gur sin deireadh an scéil agus nach bhfásfaidh téarmaí nua as an bhfocal redox féin amarach?15 Má bhíonn orainn géilleadh sa deireadh sa chás seo, nach fearr é a dhéanamh anois, agus gan a bheith ag ceapadh focal lá agus á gcur ar ceal an lá ina dhiaidh? Nó ceachtar acu agus an trangláil go léir idir shean agus nua a choimeád. Ar an taobh eile, má ghlactar leis an nós idirnáisiúnta, tá deireadh leis an achrann sin láithreach. Is cuma cad é an casadh nó an fás a thiocfaidh san Eolaíocht, nó cé hiad an dream a cheapfaidh iad, ní baol ná go mbeifear in ann an t-eolas nua sin a ghléasadh i nGaeilge gach pioc chomh maith agus a dhéanfaí i dteanga ar bith eile. Agus ní bheidh gá le malartú téarmaí gach re bliain.

(3) Litriú

An chuid sin de na téarmaí idirnáisiúnta a bhí ceart go leor ó thaobh an ghnáis idirnáisiúnta, loiteadh iad go minic agus cuireadh ó aithne ar fad iad uaireanta de bharr sheanrialacha litrithe na Gaeilge. Pé tairbhe atá sa nós úd ‘caol le caol’ i gcúrsaí gnáthlitrithe, níl aon ghnó aige san Eolaíocht. Teanga scríofa atá i gceist ansin de bhreis ar theanga labhartha. An focal agus a gciallaíonn sé a aithint láithreach ar an gcéad amharc, sin é an rud a theastaíonn. Más ea cad é mar litriú ‘ocsoighin’16 ar oxygen, ‘udrochuanach’ ar hydrocyanic?17 Agus fós an bhfuil dealramh ar bith le u a scríobh in ionad y sa bhfocal deiridh? Sin rud nach ndéantar in aon teanga eile sa lá inniu ach go háirithe. Fiú amháin iad sin nach mbíonn an litir y acu, ar nós na Gaeilge, is í an litir i a mbaineann siad feidhm aisti ina háit, rud a dheintí fadó in Éirinn leis de réir dealraimh. (cf. ‘Idhre’, hydra, Ó Dúinnín).18

Ní hamháin go gceileann na seanrialacha litrithe sin an focal féin ach tagann siad trasna ar nósanna áirithe idirnáisiúnta a ceapadh d’aon ghnó chun cineál ceimiceach na substaintí a chur in iúl le modh litrithe na bhfocal ab ainm dóibh. Glactar leis i gcónaí, cuir i gcás, go gciallaíonn siolla deiridh den saghas –íd [–ide (Béarla), –ide (Fraincis), –id (Gearmáinis), –id (Rúisis)] substaint de dhéanamh agus de thréithe áirithe. Is iad –íd agus –aoid na siollaí a úsáidtear sna Téarmaí chuige sin de réir mar is consan caol nó leathan a thagann rompu. Níor mhiste an rogha siolla ann b’fhéidir (cé gurbh fhearr –id amháin), dá bhféadfaí a bheith cinnte de gurbh é an rud céanna a chiallóidís i gcónaí. Ach faoi mar a bheifeá ag súil leis um an dtaca seo, tá, ar a laghad, dhá chiall éagsúla le –aoid sna Téarmaí. Tá sé le fáil mar fhoirm leathan ar –id san fhocal ‘clóraoid’ (chloride an Bhéarla), cuir i gcás, agus arís in ionad –oid an Bhéarla san fhocal ‘collaoid’ (colloid (Béarla), Kolloid (Gearmáinis, Rúisis etc.). Dhá chineál ruda iad sin atá gan baint ar bith acu le chéile ó cheart agus malairt litrithe acu dá réir i ngach aon teanga eile.

B’fhéidir go ndéarfaí, ámh, gur gá an sean-nós litrithe úd chun fuaim nó modh labhartha na bhfocal a chur i dtuiscint, agus gur deacair dul ó mhíchrot éigin a chur orthu dá bharr. Más ea, tá slite eile ann is simplí agus is lú milleadh chun caoile agus leithne a chur in iúl ná nós na Gaeilge. Tá teangacha eile a mbíonn consain chaola agus leathana iontu, agus ar a shon sin, téann siad in éagmais an nóis sin ar fad. Is a thuigtear iontu, rud a dheintí fadó sa Ghaeilge leis, an guta a chur a chaoile nó a leithne féin i bhfeidhm ar an gconsan a thagann díreach roimhe ach ní ar an gceann a leanann é – riail dheas shimplí. Le cabhair na rialach sin, agus le géilleadh beagán don sean-nós nuair is fíorghá é, b’fhurasta litriú simplí so-aitheanta a cheapadh d’fhormhór na dtéarmaí idirnáisiúnta, litriú a d’fhágfadh beagnach gan athrú iad.

Tá locht beag eile ar litriú na Gaeilge – maidir le cúrsaí eolaíochta ach go háirithe – is é sin dealús na haibítre faoi litreacha.19 Tá na litreacha v, x, y beagnach chomh tábhachtach chuige sin le haon cheann eile agus is mór an chiotaí dul dá gceal. Ní staonann na náisiúin eile ó litreacha coimhthíocha a ghlacadh an túisce a bhraitheann siad a n-easpa. Agus ní haon díobháil aithris a dhéanamh orthu sa ní sin. Caithfear a thabhairt de chreidiúint do na Téarmaí, ámh, gur cheadaigh siad an litir v isteach aon uair amháin – san fhocal ‘volt’. Is maith é sin ach ní miste a thuilleadh. Is dócha, ámh, go bhfuil an bhearna thíos sa chás sin.20 Maidir le x ní móide go bhfuil sí sin leis ó bhaol. Murar glacadh go hoifigiúil sna Téarmaí léi, úsáidtear cheana í ó am go ham i bhfocail áirithe mar ‘téx’.21 Ach tá an tríú litir, y, díreach chomh tábhachtach le haon cheann acu, agus a bhfuil d’fhocail eolaíochta ann agus iad tarraingthe ón nGréigis. Éiríonn le cuid de na teangacha dul ina héagmais gan amhras, ach tá bua faoi leith aici a d’fhágfadh an-oiriúnach don Ghaeilge í. Is é sin go bhféadfaí fuaim leathan a thuiscint aisti murab ionann agus an litir i. D’oirfeadh sin go minic i ndiaidh s, cuir i gcás.

Is fiú a rá anseo go bhfuil tacaíocht le fáil ag cuid de na tuairimí seo sa liosta a sholáthraigh múinteoirí matamaitice na gColáistí Ollscoile le déanaí, liosta ina bhfuil focail chiallmhara áirithe, mar atá ‘asymtóit’, ‘coimplexach’, ‘maximum’, ‘hidrodynamic’ curtha ar fáil sa deireadh. Sin é díreach an saghas ruda, maidir le litriú, ach é a fhairsingiú go mór, atá ag teastáil ó na brainsí eile eolaíochta leis.

(4) Focal scoir

Ní beag a bhfuil ráite, is dócha, chun a chruthú go bhfuil gá le leasú na téarmaíochta eolaíochta atá anois ann. Agus gurb é an saghas leasaithe ba thairbhí, de dhealramh, ná cuid mhaith di a mhalartú ar théarmaí agus ar litriú ceart idirnáisiúnta. Fós go mba chabhair don mhac léinn ina chuid staidéir, agus misneach dó chun labhairt na Gaeilge, an t-athrú sin, agus gur rud fíor-riachtanach é do chruinneas agus d’intuigtheacht an ábhair féin.
Murach míthráthúil tagairt a dhéanamh anseo do cheist íogair na Gaeilge san Ollscoil, d’fhéadfaí buntáiste beag eile a lua a leanfadh an t-athrú sin leis. Is é sin, go mbainfeadh sé leithscéal amháin ar a laghad ón dream a deir nach féidir a n-ábhar domhain léinn féin a theagasc i nGaeilge cheal téarmaí.

Nótaí

  1. Scagdhealú sa litriú nua, i.e. ‘scag’ (filter) agus ‘dealú’ (separation, parting). Tá an téarma céanna in úsáid sa Ghaeilge go dtí an lá inniu, agus d’fhéadfaí a rá go bhfuil sé cruinn go leor ó thaobh na céille de: ‘the separation of small molecules from large molecules and colloids in a solution by the selective diffusion of the small molecules through a semipermable membrane’ (Collins).Déarfadh Paghan, b’fhéidir, go dtiocfadh ábhair ar bith a ‘scagdhealú’ ó chéile agus go mbeadh leagan traslitrithe níos oiriúnaí do shainúsáid lucht eolaíochta.
  2. Is é is polarimeter ann ‘an instrument for measuring the amount of polarization of light (Collins)’. Bheadh Paghan sásta leis an téarma idirnáisiúnta a mholtar inniu, i.e. polaraiméadar.
  3. Sárshampla den anord a bhí ar théarmaíocht na Gaeilge is ea na leaganacha a luann Tomás de Bhaldraithe sa réamhrá le EID:  ‘Telescope’ was variously rendered: cianarcán, cianamharcán, cianarcán, ciandarcán, ciandearcán, cianradharcán, cianracán, fadradharcán, fadamharcán, faidearcán, radharcghloine, súilghloine, súil-fhiodán, gloine fadradhairc, gloine fhéachaint, telescóp, tealoscóp, teileascóp. Ocht leagan déag ar choincheap amháin! Réitíodh an fhadhb leis an téarma idirnáisiúnta teileascóp.
  4. Eibleacht atá ann i gcónaí. Ní léir cén locht a bhí ag Paghan ar an gceann áirithe sin.
  5. Light-footed little clawed thing, i.e. ‘téarma’ magúil ar chat.
  6. Mar seo a shainmhínítear achromatic i bhfoclóir Collins: ‘capable of reflecting or refracting light without chromatic aberration’. Déarfadh daoine go bhfuil ‘ceartdathach’ cruinn go leor go dtí go gcasfaí orthochromaticagus panchromaticorthu. Is é neamhchrómatach atá molta ar www.tearma.ie.
  7. Photog. of or relating to an emulsion giving a rendering of relative light intensities of different colours that corresponds approximately to the colour sensitivity of the eye’ (Collins). Ó tharla approximate correspondencea bheith i gceist, is furasta a shamhlú go bhféadfaí ‘ceartdathach’ a bhaisteadh ar an gcoincheap seo chomh maith, bíodh is nach ionann ciall dó agus do achromatic. Is é ortacrómatach atá molta ar www.tearma.ie.
  8. Photog. (of an emulsion or film) made sensitive to all colours by the addition of suitable dyes to the emulsion’ (Collins). D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil ceartú nó oiriúnú i gceist anseo chomh maith. An ndéanfadh ‘ceartdathach’ cúis arís? Is fearr a thaitneodh an téarma nua leasaithe le Paghan, i.e. pancrómatach.
  9. Bhí an ceart ag an údar. Tháinig na téarmaí gaolmhara apochromatic, isochromatic, monochromatic, polychromatic agus trichromatic. Úsáidtear réimíreanna idirnáisiúnta mar ‘pola’, ‘mona’ + ‘crómatach’ chun gach uile cheann acu a chur ar fáil i nGaeilge.
  10. Is é sin le rá, ní hiontas ar bith dhá chiall a bheith ag téarma dúchasach, mar is minic débhríoch iad.
  11. ‘the state or property of being viscous’ (Collins), i.e. ina leacht tiubh, greamaitheach.
  12. ‘Slaodacht’ a mholtar le haghaidh viscosityinniu. Is ar éigean a shásódh sé Paghan, nuair a chuimhnítear ar ilbhrí an fhocail slaodach, i.e. 1. In swaths, in layers. 2. (of hair, etc.) flowing. 3. Prostrating; heavy, oppressive. 4. Ph: Viscous (FGB). Is dócha gurbh fhearr le Paghan an leagan eile atá tugtha ar www.tearma.ie, i.e. vioscósach.
  13. Dí-ocsaídiú i litriú an lae inniu. Siúd é an téarma atá mholtar ar www.tearma.ie
  14. Ocsdí atá molta ar www.tearma.ie.
  15. D’fhás. Bítear ag caint ar redox potential(poitéinseal ocsdí) agus ar a lán coincheap eile nach bhfuil aon téarma Gaeilge ag freagairt dóibh fós, m.sh. redox reactions, redox chemistry.
  16. Ocsaigin i litriú na linne seo.
  17. Bheadh Paghan sásta leis an leasú a rinneadh air sin, i.e. hidricianach.
  18. Is é an iontráil atá i bhfoclóir an Duinnínigh ná: ‘Idhre…a hydria or water vessel.’
  19. Is é sin le rá, gannchuid litreacha san aibítir.
  20. Is é sin le rá, níl aon chosc ar an litir v a úsáid feasta tar éis gur ceadaíodh uair amháin é.
  21. Níor glacadh leis an x sin; is ‘téacs’ a scríobhtar inniu.

 

Roinn an Post seo: