CLEACHTADH 5: GINEALAS

Tá plé sna nótaí thíos ar chuid de na dúshláin chomhréire agus foclóra a bhaineann leis an téacs áirithe seo. Iarradh ort nótaí a bhreacadh síos faoi na dúshláin a bhí le sárú agat féin; seans láidir go mbeidh dúshláin bhreise le plé agat dá bharr sin.

Tá leagan PDF de na nótaí le fáil anseo.

Genealogy1 

For anyone wanting to research ancestors in Ireland, there are a number of myths that can be an obstacle.2 The one most uncomfortably3 close to the truth is that all the records were destroyed in 1922. What actually happened was bad enough. The strong-room of the Public Record Office of Ireland, repository4 of the vast majority of administrative records of the island of Ireland from the 14th century on, was used as an ammunition store by the anti-Treaty side5 in the civil war.6 Hit by a shell fired by the pro-Treaty forces,7 the munitionsexploded and destroyed9 all of the records. Only10 those few records in the PRO11 Reading Room at the start of the conflict survived.

   While the loss of the census returns12 in particular still casts a long shadow13 over Irish research, any records not in the PRO in 1922 have survived. These include non-Church of Ireland14 parish records, civil records of births, marriages and deaths, property records and later censuses.15 And for much of the material that was lost, there are abstracts, transcripts and fragments of the originals. Indeed, with a little straining to see the bright side, the disaster of 1922 can be said to have simplified research on Irish records, though in much the same way that Cromwell’s visit in 1649 simplified Ireland.16

Tráchtaireacht

1. Téann a lán daoine amú ag iarraidh genealogy a aistriú. Tá cúpla cúis leis sin: (1) an leagan ginealeolaíocht a bheith in EID, téarma nach bhfuil in úsáid níos mó ach a d’fhág a lorg ar an teanga scríofa. (2) Ní mór dealú idir ginealach (i.e. cur síos ar ghaol agus ar shinsearacht daoine áirithe) agus ginealas (i.e. staidéar ginearálta ar ghaol agus ar shinsearacht).

2. Abairt sách deacair í sin. Tá deacracht bheag chomhréire ag baint le to research ancestors in Ireland. An iad na sinsir Éireannacha ábhar an taighde nó an é go bhfuil an taighde le déanamh in Éirinn? Roghnaigh mise an chéad cheann díobh. D’athraigh mé an forainm uatha go forainm iolra d’fhonn leaganacha mar a s(h)insir a sheachaint.

3. Scríobh mé ar an drochuair chun freastal ar chiall dhiúltach uncomfortably close.

4. Is leor a rá gurbh ann a bhí na taifid á gcoinneáil. Chuirfeadh ainmfhocal mar taisclann an abairt as a riocht.

5. Bheadh fonn ar dhuine, b’fhéidir, Poblachtaigh agus Saorstátairí a scríobh, ach níl sin gan a bheith conspóideach. Mhaífeadh daoine áirithe gur phoblachtaigh mhaithe a bhí sna Saorstátairí. Tá Irregulars sa Bhéarla ach ní fheictear dom go ndearna pobal na Gaeilge a gcuid féin de Neamhrialtaigh. B’fhearr, mar sin, aistriúchán dílis a dhéanamh: fórsaí a bhí in aghaidh an Chonartha.

6. Níl mé ag rá nach bhféadfaí sin a aistriú in abairt amháin Ghaeilge ach measaim gurbh fhearr an fhaisnéis a sholáthar in dhá abairt faoi leith: abairt amháin a mhíníonn gur sa seomra seo a bhí na taifid agus abairt eile a mhíníonn cén fheidhm a bhain na fórsaí Poblachtacha as an seomra céanna. 

7. Rómhinic a dhéanann aistritheoirí Gaeilge aithris ar an struchtúr Béarla mar seo: Buailte le sliogán a scaoil na fórsaí a bhí ar son an Chonartha, phléasc an t-armlón.. Ní oireann an struchtúr sin don Ghaeilge. 

8. Bíodh is gur uimhir iolra atá sa Bhéarla munitions, is leor an cnuasainm armlón uatha sa Ghaeilge.

9. Féach mar a úsáidtear an focal gur san aistriúchán Gaeilge.

10. Tá claonadh ag aistritheoirí an focal amháin a fhí isteach san abairt Ghaeilge áit ar bith a bhfuil only sa Bhéarla. Is minic a chruthaíonn sin deacrachtaí. Féach an iontráil AMHÁIN sa bhunachar Cruinneas.

11. Shocraigh mé gan an giorrúchán a úsáid, ach díreach ainm na hOifige a lua arís.

12. B’fhearr gan torthaí an daonáirimh a scríobh, nó thabharfadh sin le fios gur torthaí daonáirimh faoi leith a cailleadh.

13. Ní gá aistriúchán litriúil a dhéanamh air sin. Is leor a thabhairt le fios gur rud diúltach a bhí ann na taifid a chailleadh.

14. Seachain leaganacha mar neamh-Eaglais na hÉireann.

15. Glacaim leis gur daonáirimh a cuireadh i gcrích i ndiaidh 1922 atá i gceist le later, agus nach comparáid idir tréimhsí éagsúla atá ann.

16. Is é dúshlán an aistritheora íoróin na habairte sin a thabhairt slán.

Aistriúchán samplach Gaeilge
Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

Ginealas

Tá roinnt miotas ann a d’fhéadfadh bac a chur ar dhaoine atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a sinsir Éireannacha. Ar an drochuair, tá cuid den fhírinne sa tuairim gur scriosadh na taifid go léir sa bhliain 1922. Go deimhin, bhí an méid a tharla sách dona, gan áibhéil a dhéanamh de. Is sa seomra daingean in Oifig Taifead Poiblí na hÉireann a choinnítí bunús uile na dtaifead riaracháin a bhain le hoileán na hÉireann ón 14ú haois i leith. Is amhlaidh a rinne na fórsaí a bhí in aghaidh an Chonartha stóras armlóin den seomra sin le linn Chogadh na gCarad. Bhuail sliogán de chuid de na bhfórsaí a bhí ar son an Chonartha an seomra, gur phléasc an t-armlón agus gur scriosadh na taifid go léir. Níor tháinig slán ach an dornán beag taifead a bhí i Seomra Léitheoireachta na hOifige tráth a thosaigh an cogadh.

   Bíodh is gur buille mór don taighde ar Éirinn an méid sin, go háirithe na torthaí daonáirimh a bheith ar lár, is fíor go bhfuil teacht fós ar thaifead ar bith nach raibh san Oifig Taifead Poiblí sa bhliain 1922. Ina measc sin tá taifid pharóiste na n-eaglaisí, diomaite d’Eaglais na hÉireann; taifid shibhialta ar bhreitheanna, básanna agus póstaí; taifid mhaoine agus torthaí na ndaonáireamh a rinneadh tar éis 1922. Fiú i gcás roinnt mhaith de na hábhair a scriosadh, tá coimrithe, tras-scríbhínní agus blúirí de na bundoiciméid ann. Go deimhin, seans go ndéarfadh an duine dóchasach gur ‘simplíodh’ an taighde ar thaifid na hÉireann de bharr thubaiste na bliana 1922, bíodh is gur ‘simpliú’ é den chineál céanna a rinne Cromail ar Éirinn, tráth a tháinig seisean ar a chuairt sa bhliain 1649.

Roinn an Post seo: