Seo roinnt nótaí maidir le ceartúsáid an réamhfhocail um.

  1. Bíonn um an-úsáideach i dteidil agus in ainmneacha, mar shampla An tAcht um Thrácht ar Bhóithre. Ó thaobh na réime de, tá blas oifigiúil air agus is fearr a bheith spárálach leis i dtéacsanna atá dírithe ar phobal léitheoireachta ginearálta. Féach, mar shampla, an abairt seo: Tá tuilleadh eolais um chlárú mar Chuideachta Sheachtrach ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Níl i gceist ansin ach tuilleadh eolais maidir le clárú.
  2. Níor cheart ach oiread um a úsáid go cuspóireach mar atá déanta san abairt seo: Is feachtas é seo um an nuatheicneolaíocht a chur chun cinn sa chóras oideachais. B'fhearr go mór lechun a úsáid d'fhonn cuspóir an fheachtais a chur in iúl.
  3. Ba cheart do scríbhneoirí a bheith ar an eolas faoi na rialacha séimhithe a bhaineann le um, is é sin nach séimhítear na consain bhruasacha b, m agus p:
  • Bhí foráil leis an éifeacht sin le fáil i mBille Údaráis um Bhanc Ceannais na hÉireann agus Sheirbhísí Airgeadais na hÉireann. (um Banc)
  • Um Mhárta 2016, maíodh go bhfuair tuairim is 23 milliún duine, nach raibh clúdaithe roimhe sin, árachas sláinte dá bharr. (Um Márta)
  • Deir sé chomh maith gur modh éifeachtach agus tábhachtach chun caitheamh tobac a chomhrac iad bearta um phraghas agus um chánachas. (um praghas, nó 'bearta maidir le praghas...')
Roinn an Post seo: