Cad é is cúis le leaganacha lochtacha ar nós doiciméad beartas (policy document)? Seans gur botún cló is cúis le cuid acu, ach is dócha go mbíonn míthuiscintí ann chomh maith. Toisc go mbíonn níos mó ná policy amháin i ndoiciméad, de ghnáth, shocraigh an t-údar (nó an t-aistritheoir) gurb é an lagiolra a theastaíonn, ar aon dul le siopa leabhar agus éadaí fear.

Ach níltear ag trácht ar policies faoi leith anseo. Ní a document of policies atá ann. Tá feidhm aidiachta ag na hainmfhocail policy agus beartas; míníonn siad cén cineál document atá ann. Ní doiciméad eolais ná doiciméad fianaise é, ach doiciméad beartais ar aon dul le cnuasach filíochtaleabhar próis. Níl aon tábhacht le líon na n-ábhar ann. Teastaíonn níos mó ná ológ amháin chun olive oil a dhéanamh, ach is ola olóige atá ann ina dhiaidh sin.

Roinn an Post seo: