Ní mar a chéile cúrsaí uimhreach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Féach an abairt seo agus an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh uirthi:

How many politicians believe that in their own hearts?

Cá mhéad polaiteoir a chreideann sin ina gcroíthe istigh?

Bheadh faitíos orm a rá go bhfuil an abairt Ghaeilge mícheart, ach thiocfadh cur chuige ar bhealach eile agus croí a scríobh in áit croíthe. Nuair a bhítear ag tagairt do bhaill den chorp, is minic a úsáidtear an uimhir uatha i gcás na mball sin nach mbíonn ach aon cheann amháin acu ag gach duine. Féach na samplaí seo, a bhféadfaí an uimhir iolra a úsáid i ngach ceann acu dá mb’abairtí Béarla iad:

  • Caithfidh siad na smaointe sin a chur as a gceann.
  • Ní chreidfinn focal as a mbéal.
  • Fágadh ina suí ar a dtóin iad.

An uimhir iolra a úsáidtear i gcás na mball beatha sin a bhfuil péire acu ann.

  • Tháinig gaoth a bhain dá gcosa iad.
  • Tá fuil ar a lámha.
Roinn an Post seo: