Is féidir trí a úsáid chun agency means a chur in iúl:

  • Trí obair chrua a ghnóthaigh sí a cuid airgid.
  • Tríomsa a fuair sé an post.

Bíodh sin mar atá, tá blas an Bhéarla ar abairtí den chineál seo thíos:

  • Gheobhaidh tú tuilleadh eolais trí fhéachaint ar ár suíomh Gréasáin.
  • Cinntigh go bhfuil an t-othar neamhaireachtalách trína ghualainn a chroitheadh.

By/through an Bhéarla is cúis leis an struchtúr sin a bheith chomh coitianta is atá i dtéacsanna Gaeilge inniu. Tá go leor leaganacha traidisiúnta Gaeilge ann chun an gnó a dhéanamh.

  • Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár suíomh Gréasáin.
  • Tá tuilleadh eolais le fáil ach féachaint ar ár suíomh Gréasáin.
  • Croith gualainn an othair chun a chinntiú go bhfuil sé neamhaireachtálach.

B’fhearr leaganacha mar seo a sheachaint, dá choitianta iad.

  • Ba cheart do ghrúpaí dul isteach sa Ghailearaí tríd an doras agus ag an am atá sonraithe.
  • Agus tosaíonn an spórt i gceart nuair a thagann cuairteoir gan choinne isteach tríd an bhfuinneog.

Is féidir dul isteach nó amach an doras. Tháinig mé isteach ar an doras agus Bhí mé ag amharc amach ar an fhuinneog a deir na hUltaigh. Ach an té a rachadh trí an fhuinneog, is tríd an ghloine a rachadh sé.

Roinn an Post seo: