Is minic a úsáidtear cuir trasna (nó faigh trasna) ag trácht ar chúrsaí cumarsáide. Is dócha go bhfuil an úsáid sin chomh bunaithe sin anois nach féidir í a ruaigeadh, ach tá nathanna níos dúchasaí ann a chuireann an coincheap in iúl go simplí:

  • Ag iarraidh a chloigeann a choinneáil in airde chun íomhá na féinmhuiníne a chur trasna. (chun cuma na féinmhuiníne a chur air féin)
  • Smaoineamh teibí is ea é agus ní héasca é a chur trasna i bhfocail. (ní héasca é a chur i bhfriotal)
Roinn an Post seo: