Is ait le léitheoirí tosaigh a úsáid chun cur síos ar ghníomh gairid aon uaire, díreach mar a úsáidtear begin sa Bhéarla.

  • Thosaigh sé ag breathnú amach ar fhuinneog na traenach. (Bhreathnaigh sé amach...)
  • D’fhág siad an carr ar bhóithrín uaigneach agus shiúil chun na háite ar thosaigh na cnoic. (Go bun na gcnoc...)
  • Bhí an fhearthainn ag tosú ar an taobh eile den fhuinneog. (Thosaigh sé a chur fearthainne amuigh.)
Roinn an Post seo: