Is minic a d'fhóirfeadh gnáthfhocal (amach anseo, san am atá le teacht) níos fearr ná an focal teibí fealsúnachta todhchaí. Ní hamháin sin, ach meastar trí mhíthuiscint gur uimhir iolra atá ann, toisc críoch a bheith air:

  • Cá bhfios cad a tharlóidh sna todhchaí? (sa todhchaí
  • Tá todhchaí geala roimh an mbaile beag seo i lár na tíre

Tá ceartú beag eile le déanamh ar todhchaí geala, atá ina aistriúchán lom ar bright future. Ní mar a chéile go baileach todhchaí na Gaeilge agus future an Bhéarla. Is ait liom dea-thodhchaídrochthodhchaí a bheith i ndán nó tagairtí don todhchaí atá romhainn. Nach romhainn a bhíonn an todhchaí i gcónaí, maith, olc nó dona?

Roinn an Post seo: