Bíonn na trí fhocal seo trína chéile sa ghnáthchaint. Is gnách le haistritheoirí dealú eatarthu mar seo:

Sampla d’úsáid cheart na bhfocal seo sa teanga fhoirmiúil is ea an cur síos seo ar An Foclóir Parlaiminte:

Thug siad freagra dearfach ar an togra le haghaidh an tionscadail seo a chuir Tionscnamh Teanga na hEorpa (TELI) faoina mbráid

Is fiú a lua nach bhfuil síneadh fada ar bith ar an o san fhocal togra.

Bíonn a nósanna féin ag eagraíochtaí faoi leith. Sa chóras oideachais i bPoblacht na hÉireann, mar shampla, tugtar tionscnamh ranga ar class project. Ba chóir d’aistritheoirí a leithéid de ghnáthúsáid institiúideach a chur san áireamh.

Roinn an Post seo: