Tá roinnt foclóirí agus liostaí téarmaíochta le fáil ar líne ar saothar duine amháin iad, nó saothar roinnt bheag daoine. D’fhéadfaí a mhaíomh gur comhartha beochta é daoine a bheith ag ceapadh téarmaí as a stuaim féin. Cinnte, tá samhlaíocht agus cruthaitheacht i gcuid de na liostaí, ach b’fhearr d’aistritheoirí a bheith faichilleach fiú faoin chuid is fearr acu. Is i réimse na ríomheolaíochta is mó a fuair téarmaí neamhfhaofa leitheadas, is é sin téarmaí nár cheap an Coiste Téarmaíochta ná Rannóg an Aistriúcháin. A leithéid seo:

  • Bréagbhrandáil (phishing). Fioscaireacht an téarma faofa.
  • Friothálaí (server). Freastalaí an téarma faofa.
  • Oideas (programme). Clár an téarma faofa.

Locht atá ar na téarmaí sin nach bhfuil siad trédhearcach; seans nár leor an comhthéacs le go dtuigfeadh an léitheoir a mbrí. Cén dochar ach nach bhfuil míniú le fáil sna foclóirí agus sna liostaí téarmaíochta a mbíonn an gnáthúsáideoir ag tarraingt orthu. Déanaim amach gur cheart cloí leis an téarma faofa fiú má tá ciall an téarma soiléir, fiú mura téarma fíortheicniúil atá ann. Cuir i gcás, ní deacair a dhéanamh amach gur frequently asked questions atá i gceist le ceisteanna a chuirtear go minic ach fós féin, b’fhearr an téarma faofa ceisteanna coitianta a úsáid.

Ba cheart cloí leis na téarmaí faofa sa dóigh is nach mbeidh dalladh leaganacha ann. Féach, mar shampla, na téarmaí neamhfhaofa a bhailigh Caoimhín Ó Donnaíle ar web-browser agus a d’fhoilsigh sé ar líne faoin teideal Téarmaí Ríomhaireachta:

  • léitheoir gréasáin
  • siúladóir Idirlín
  • líonléitheoir
  • líonfhéachadóir
  • líonsiúltóir

Fiú an dream nach dtaitneodh an téarma faofa brabhsálaí leo, d’admhóidís gur fearr leagan amháin a bheith ar an fhód ná cúig théarma a bheith in iomaíocht lena chéile.

Roinn an Post seo: