Ní hannamh a scríobhtar abairt lochtach mar seo:

Tá na húdaráis slándála i mBostún, SAM, i mbun fiosrú mórscála tar éis gur phléasc dhá bhuama sa chathair tráthnóna inniu.

Seo an rud ba mhian leis an údar a rá, is dócha:

Security authorities in Boston, USA, are undertaking a large-scale investigation after two bombs exploded in the city this afternoon.

Tá ciall eile ar fad leis an abairt Ghaeilge, áfach:

Security authorities in Boston, USA, are undertaking a large-scale investigation despite two bombs exploding in the city this afternoon.

Is ionann tar éis go agus in ainneoin, mar is léir ón iontráil in FGB: ‘Tar éis gur crosadh air é, even though he had been forbidden to do it.’

Ní mór struchtúr eile a úsáid sa Ghaeilge:

Tá na húdaráis slándála i mBostún, SAM, i mbun fiosrú mórscála ó phléasc dhá bhuama sa chathair tráthnóna inniu.

Roinn an Post seo: