Tá difear céille idir na focail ghaolmhara seo nár tugadh slán sna samplaí thíos:

  • Tá táirgíocht maolaithe go mór ar fud cheantar an Aigéin Chiúin. (táirgeacht)
  • Cleachtais feirmeoireachta curaíochta agus modhanna táirgiúlachta. (modhanna táirgeachta)

Is ionann táirgeacht agus productivity sa chiall ‘an méid a dhéantar’. Bítear ag caint, mar shampla, ar Olltáirgeacht IntíreGross Domestic Product – na hearraí agus na seirbhísí go léir a dhéantar i dtír faoi leith. Is é a thuigtear as táirgiúlacht ná an cumas chun rudaí a tháirgeadh nó cé chomh táirgiúil is atá próiseas áirithe. Productiveness atá luaite leis in FGB agus is nod cuiditheach é sin. Ní i gcónaí a thugtar an dealú céille sin slán sa Ghaeilge, toisc, b’fhéidir, gur productivity a bheadh ar bhéal an Bhéarlóra sa dá chás.

Níl táirgíocht cláraithe i gceann de ar bith de na foclóirí ná ar www.focal.ie, bíodh is go bhfuil sé fairsing go leor i dtéacsanna Gaeilge. Saghas ‘rógaire téarma’ é nach bhfuil aon stádas aige sa teanga fhoirmiúil.

Roinn an Post seo: