Bíonn suirbhé agus suirbhéireacht trína chéile i dtéacsanna Gaeilge.

  • Is féidir leat léarscáil leis an Suirbhé Ordanáis a úsáid. (léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis)
  • Dúirt beagáinín níos mó ná 10 faoin gcéad de na múinteoirí a ndearnadh suirbhéireacht orthu go raibh siad an-mhíshásta nó míshásta leis an gCigireacht. (suirbhé)

Is gnách suirbhéireacht a dhéanamh ar thalamh, ar thithe, ar láithreán seandálaíochta etc. B’ait leat a leithéid a dhéanamh ar mhúinteoirí. Más ag iarraidh eolas a fháil i dtaobh tuairimí daoine atáthar, is fearr suirbhé a úsáid.

Roinn an Post seo: