Is é a thuigfeá ó FGB gurb é staidreamh an disciplín a dtugtar statistics air i mBéarla agus gur sonraí faoi leith is ea staitisticí. De réir an tsainmhínithe sin, is amhlaidh a dhéanann lucht staidrimh anailís ar staitisticí. Bíodh sin mar atá, úsáidtear staitisticí go coitianta sa dá chiall anois: an disciplín agus ábhar an disciplín.

Ba cheart i gcónaí cloí le hainm oifigiúil eagraíochta, mar shampla an Phríomh-Oifig Staidrimh, an Ard-Stiúrthóireacht Staitisticí.

Roinn an Post seo: