Úsáidtear an séimhiú agus an t-infhilleadh chun difríochtaí céille a thabhairt slán sa Ghaeilge. Difríochtaí caolchúiseacha a bhíonn i gceist go minic.

Cuir i gcás go bhfuil ócáid spóirt ann ar a dtugtar The Irish Soccer Cup. Is é an t-aistriú is fearr air sin ná Corn Sacair na hÉireann mar níl ann ach corn sacair na tíre seo. Bheadh ciall eile ar fad le Corn Shacar na hÉireann. Thabharfadh sin le fios go bhfuil cluiche ar leith ann ar a dtugtar Sacar na hÉireann agus gurb é seo corn an chluiche sin. Tá difear mar an gcéanna idir Garda Cósta na hÉireann agus Garda Chósta na hÉireann. Is é a chiallaíonn an chéad cheann The Irish Coast Guard agus is é a chiallaíonn an dara ceann The Guard of the Coast of Ireland.

 

Roinn an Post seo: