Is minic gur fearr sraitheanna casta focal a sheachaint agus slí éalaithe a aimsiú sa réamhfhocal. Sin é go díreach an rud ba cheart a dhéanamh i gcás abairtí mar seo thíos.

  • Is féidir deimhniú clárúcháin úinéara feithicle nó sealbhóra feithicle a aisghabháil má rinneadh damáiste tromchúiseach don fheithicil i dtionóisc.

Cuideoidh roinnt réamhfhocal linn an abairt chiotach sin a athscríobh:

  • Is féidir an deimhniú clárúcháin a aisghabháil ó úinéir nó ó shealbhóir na feithicle más amhlaidh a rinneadh damáiste tromchúiseach don fheithicil i dtionóisc.
Roinn an Post seo: