Sa leabhrán Sráidainmneacha:Treoirlínte, tá treoir tugtha faoi úsáid na bhfocal naomh agus san.

Níl sé riachtanach naomh a úsáid i sráidainmneacha ná i dteidil, mar shampla Corrán Phádraig, Coláiste Bhríde. Má cuirtear naomh le hainm ní théann infhilleadh ar bith ar an ainm sin, mar shampla Faiche Naomh Caitríona, Eastát Naomh Marcas.

Tá claonadh ann san a chur le hainmneacha iasachta, rud a chuireann an ginideach ar ceal díreach ar aon dul le naomh, mar shampla Sráid San Aindrias.

Roinn an Post seo: