Cé acu is cirte, Sráid Uí ChonaillSráid Ó Conaill? Tá daoine ann a déarfadh gur in ómós don Fhuascailteoir a athainmníodh príomhshráid Bhaile Átha Cliath, agus gurbh ionann a shloinne a chur sa ghinideach agus a thabhairt le fios gur leis an tsráid. Tá réiteach na ceiste sa leabhrán Sráidainmneacha: Treoirlínte a d’fhoilsigh an Coimisiún Logainmneacha sa bhliain 1992:

Is sa tuiseal ginideach a bhíonn formhór mór na sloinnte a thagann i gceist in ainmneacha sráideanna. Mar sin, tagann siad faoi réir ghnáthrialacha an ghinidigh, mar aon le fo-rialacha na n-ainmneacha dílse. Féach na samplaí seo a leanas:

Túr Mhic Dhiarmada (McDermott Tower)

Sráid Uí Chonaill (O'Connell Street)

Roinn an Post seo: