I gcás go bhfuil péire ainmfhocal agus aidiacht amháin sa logainm nó sa sráidainm, caithfear a bheith cinnte cé acu ainmfhocal atá á cháiliú ag an aidiacht. Mí-aistriú is ea Sráid na Trá Bige ar an sráidainm Little Strand Street, mar ní hí an trá atá beag, ach an tsráid féin. Sráid Bheag na TráSráid na Trá Bheag a theastaíonn. Mar an gcéanna le Great James Street i nDoire, ar cheart Sráid Mhór ShéamaisSráid Shéamais Mhór a thabhairt uirthi, murab ionann agus Sráid Shéamais Mhóir. Is í an tsráid atá mór, agus ní hé Séamas. Is dócha gur ginearálú ar ghnáthleaganacha ginidigh ar nós saol an bhaile mhóir agus oíche na gaoithe móire is cúis leis an bhotún áirithe sin.

Roinn an Post seo: