Bíodh is go bhfuil sonraíoch luaite mar leagan malartach de sonrach in FGB, tá difear céille idir na focail seo ba cheart a thabhairt slán.

  • Tá Tomás Ó Murchú luaite go sonraíoch i leabhar nua Robert i measc mórscríbhneoirí agus mórcheoltóirí eile a chuaigh i bhfeidhm go mór air. (go sonrach)
  • Ba shonrach an radharc é a oiread sin daoine a bheith ag máirseáil ar son cearta teanga. (Ba shonraíoch an radharc é...)

Is é ciall an fhocail sonrachspecific, particular. Tugtar deontas sonrach le haghaidh cuspóir cinnte ar leith. Is é ciall an fhocail sonraíoch ná suntasach, iontach, neamhghnách.

Roinn an Post seo: