Nós inmholta atá ann an mhír thaispeántach sin a úsáid ag tagairt do rud atá luaite cheana:

Tá an turas ródhaor agus tá mé gafa le cúraimí eile. Ar na cúiseanna sin, caithfidh mé do chuireadh a dhiúltú.

Is fearr seo a úsáid ag tagairt do rud atá le lua ar ball.

Caithfidh mé do chuireadh a dhiúltú, ar na cúiseanna seo: tá an turas ródhaor agus tá mé gafa le cúraimí eile.

Nuair a chloistear seo, bítear ag súil le heolas éigin teacht sna sála air.

Roinn an Post seo: