Bíonn na litreacha DNTLS go mór i gceist i gcúrsaí séimhithe, agus tá roinnt mhaith difríochtaí ann idir gnásanna canúna agus rialacha an CO.

  1. Aidiachtaí. I gcanúintí áirithe, ní shéimhítear aidiachtaí simplí dar tús DTS tar éis ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn le ceann de na litreacha DNTLS.  Féach, mar shampla, an t-amhrán Bean Dubh an Ghleanna. Ach is amhlaidh a bhíonn séimhiú ar aidiachtaí simplí de réir an CO: bean dhubh, óráid theasaí. Tá an méid sin amhlaidh i gcás aidiachtaí a thagann i ndiaidh ainmfhocail iolra a bhfuil críoch chaol orthu: buidéil dhaite, crainn dhorcha.
  2. Ainmfhocail sa tuiseal ginideach a bhfuil feidhm aidiachta leo. Tá sraith eile rialacha ag baint le hainmfhocail sa tuiseal ginideach atá ag feidhmiú mar aidiachtaí. Ní gnách iad sin a shéimhiú i ndiaidh ainmfhocail bhaininscneacha ná i ndiaidh ainmfhocail iolra a bhfuil críoch chaol orthu, áit a dtagann DNTLS le chéile: cúirt dúiche, cúis dlí, buidéil draíochta, crainn darach.

Tá roinnt eisceachtaí ar riail 2 thuas, i.e. maidin shamhraidh, maidin sheaca, áit dhúchais.

Ní gnách, de réir an CO, go mbíonn séimhiú idir na focail i gcomhfhocal ná idir réimír agus ainmfhocal: spotsolas, ildaite, bándearg, leasdeartháir, duine an-deas.

 

Roinn an Post seo: