Ní miste roimh a úsáid le hainm briathartha nuair a bhíonn ord nó seicheamh ama éigin i gceist. Is gnách an réamhfhocal do a úsáid ina leithéid d'abairt fosta:

Éistim le príomhscéalta na nuachta roimh éirí dom ar maidin.

Níl roimh a éirímroimh a d'éirigh mé inghlactha ar chor ar bith. Sula(r) a úsáidtear le briathra:

Éistim le príomhscéalta na nuachta sula n-éirím ar maidin.

Measaim gur tionchar an Bhéarla is cúis le habairtí mar seo a bheith coitianta i dtéacsanna Gaeilge:

Vegetables and fruit must be washed thoroughly before eating. / Ní mór glasraí agus torthaí a ní go maith roimh ithe.

Is é nós na Gaeilge sula agus forainm a bheith san abairt:

Ní mór glasraí agus torthaí a ní go maith sula n-itear iad.

Mí-úsáid eile a bhaintear as roimh ná é a úsáid amhail is go bhfuil sé coibhéiseach le previous:

Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh tú in ann féachaint ar bhillí roimhe agus ar na hidirbhearta ar líne ar do chuntas.

Is aistriúchán é sin ar view previous bills. Caithfear an abairt a athscríobh mar seo: féachaint ar bhillí a d'íoc tú cheanaféachaint ar sheanbhillí.

Roinn an Post seo: