Is téarma úsáideach é rochtain a úsáidtear ina lán comhthéacsanna, cuir i gcás i gcúrsaí ríómhaireachta. Bíodh sin mar atá, is fearr a bheith spárálach air i dtéacsanna neamhtheicniúla:

Síleann gach duine a bhfuil rochtain foclóra aige gur féidir leis a bheith ina aistritheoir.

Tiontú focal ar fhocal é sin ar who has access to a dictionary. D'fhéadfá an focal rochtain a fhágáil ar lár gan dochar ar bith do chiall na habairte.

Roinn an Post seo: