Toisc, b’fhéidir, gur aidiacht é relevant, roghnaíonn daoine an frása aidiachtach bainteach le hábhar seachas an frása briathartha a bhaineann le hábhar agus iad ag iarraidh an coincheap a chur in iúl i nGaeilge. Bíonn toradh aisteach air sin in amanna:

  • Ná cuir ceisteanna nach bhfuil bainteach le hábhar.
  • Conas teacht ar an eolas atá bainteach le hábhar.

Dar liom féin gur simplí agus slachtmhaire na habairtí sin a scríobh ar an bhealach seo:

  • Ná cuir ceisteanna nach mbaineann le hábhar.
  • Conas teacht ar an eolas a bhaineann le hábhar. (Nó ‘ar an eolas ábhartha’.)

Go han-mhinic ar fad, bíonn ciall eile ar fad le relevant an Bhéarla, i.e. tábhachtach nó tráthúil. Is é ilbhrí an fhocail Bhéarla is cúis lena leithéid seo:

Caithfidh muid a léiriú do pháistí go bhfuil teangacha eile ríthábhachtach, go bhfuil siad bainteach le hábhar, suimiúil agus spraíúil.

Ní hé go bhfuil baint ag teangacha le hábhar faoi leith; is é atá i gceist dáiríre go bhfuil feidhm leo nó go bhfuil siad úsáideach.

Corruair, úsáidtear an focal cuí chun relevant, agus concerned a aistriú, mar shampla na páirtithe cuí/the concerned parties. Ní mheasaim go bhfuil brí an fhocail díreach chomh leathan sin. Is é an friotal ba cheart a chur ar concerned partiesna páirtithe lena mbaineann. Is é a thuigfinn as na páirtithe cuí ná na páirtithe sin a bhfuil sé d’údarás nó de cheart acu a bheith ag plé le cibé ábhar a bheadh i gceist. 

Roinn an Post seo: