Tá difear céille idir an dá fhocal ghaolmhara seo. Téarma matamaitice agus ceimice is ea normalach, is é sin le rá ‘de réir norm éigin’. Bíonn lucht staitistice ag trácht ar dháileadh normalach/normal distribution, cuir i gcás. An rud atá normálta, is é an gnáthrud é, an rud a mbeifeá ag súil leis. Úsáidtear é i gcúrsaí leighis agus i gcúrsaí síceolaíochta chun cur síos ar phróiseas nádúrtha, folláin.

Tar éis saolú do linbh d’fhéadfadh sreabhán nó blocáil ghearrthéarmach a bheith sna cluasa. Is rud normálta é seo agus imeoidh sé tar éis tamaill ghearr.

An mhí-úsáid is coitianta a bhaintear as an dá théarma theicniúla seo ná iad a úsáid i gcomhthéacsanna neamhtheicniúla:

  • Ó thús a mhisin, ba chuid de shaol normálta Íosa an diúltú agus an doicheall a fháil. 
  • Bhí 20% ar drugaí go fóill ach bhí siad faoi smacht agus thiocfadh leo beatha normalach a bheith acu. 

Is fearr i bhfad a d'oirfeadh an gnáthfhocal sa dá abairt sin: gnáthshaol Íosa agus saol mar chách.

Roinn an Post seo: