Ní hannamh a fheictear abairtí mar seo:

Is beag an duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó i nGaeilge.

Tá difear céille idir is beag agus is beag an a chaithfear a thabhairt slán:

  1. Is beag duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó Gaeilge. (Níl mórán daoine a léann iad.)
  2. Is beag an duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó Gaeilge. (An duine a léifeadh na tuairiscí, chaithfeadh sé/sí a bheith beag.)

Botún coitianta eile ná ainmfhocail a infhilleadh i ndiaidh is beag. Níl cúis ar bith faoin spéir ann go ndéanfaí amhlaidh.

  • Is beag suime atá againn i gcúrsaí an catwalk sna bólaí seo. (Is beag suim...)
  • Is beag cabhrach a bhíonn le fáil acu ó na foinsí ar líne. (Is beag cabhair...)
Roinn an Post seo: