Tá claonadh ann is ionann a úsáid le teacht slán ar struchtúir chasta chopaile. Féach na habairtí Béarla seo thíos agus na haistriúcháin Ghaeilge a rinneadh orthu:

  1. Compliance with such measures is a term and condition of employment with the Company. / Is ionann cloí leis na nósanna imeachta sin agus téarma agus coinníoll fostaíochta leis an gCuideachta.
  2. Average annual expenditure is €10 million. / Is ionann agus €10 milliún an meánchaiteachas bliantúil.

Is féidir na lochtanna sna haistriúcháin a léiriú ach iad a aistriú go Béarla arís:

  1. Fulfilling those procedures is the same as a term and condition of employment with the Company.
  2. Annual average expenditure is the same as €10 million.

Is fearr an chopail is a úsáid chun a thabhairt le fios gur X is ea Y:

  1. Is téarma agus is coinníoll fostaíochta leis an gCuideachta é cloí leis na nósanna imeachta sin.
  2. Is é an meánchaiteachas bliantúil ná €10 milliún.
Roinn an Post seo: