Is beag idir litriú an dá aidiacht ionadach agus ionadaíoch ach tá difear tábhachtach céille eatarthu. Mar seo ba cheart iad a úsáid:

  • Cuireann An Scoil Eorpach, Lucsamburg, fáilte roimh iarratais ar an bpost mar: Múinteoir ionadach meánscoile. (Is é sin, múinteoir a thiocfaidh in ionad múinteoir eile).
  • Is í Comhairle na Gaelscolaíochta an eagraíocht ionadaíoch don ghaelscolaíocht ó thuaidh. (Is é sin, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht thar ceann na scoileanna sin.)

Is ann don aidiacht ionadúil chomh maith, a úsáidtear go fíorannamh sa chiall alternative. Is féidir, mar shampla, fostaíocht ionadúil a chur ar fáil do dhuine (alternative employment).

Roinn an Post seo: