In Lorg an Bhéarla, thrácht Seán Mac Maoláin ar an tionchar a bhíonn ag abairtí Béarla mar seo ar an Ghaeilge:

Pádraig will be happy when his two sons come home.

Níl aon locht ar an abairt Bhéarla, ach ní raibh dúil ag Mac Maoláin san aistriúchán Gaeilge:

Beidh áthas ar Phádraig nuair a thagann a bheirt mhac abhaile.

Ní oireann an aimsir ghnáthláithreach (tagann) le cur síos ar rud nár tharla go fóill. Is í an aimsir láithreach ba cheart a úsáid sa Ghaeilge:

Beidh áthas ar Phádraig nuair a thiocfaidh a bheirt mhac abhaile.

Roinn an Post seo: