Níl mórán de dhifear fuaime idir in ann (ábalta) agus i ndán (sa chinniúint, in áirithe). Is mar gheall air sin, b'fhéidir, a bhíonn siad trína chéile sa Ghaeilge scríofa:

  • Thuig siad go raibh Páirc an Chrócaigh in ann dóibh anois. (i ndán dóibh)
  • Má bhíonn tú amuigh faoin tuath in Éirinn agus oíche ghlan ann, beidh tú i ndán an cóiméad a fheiceáil gan gléas ar bith. (in ann)
Roinn an Post seo: