Rómhinic a úsáidtear idirnáisiúnta san áit arbh fhearr eachtrannachcoigríche nó a leithéid.

  • Déanann an Bille foráil sna réimsí seo a leanas: ... seirbhísí oideachais do mhic léinn idirnáisiúnta.
  • Seoladh sceideal Sheachtain na Gaeilge i láthair slua mór de chainteoirí Gaeilge, Béarla agus cainteoirí teangacha idirnáisiúnta.

Is mic léinn ón choigríoch atá i gceist sa chéad sampla agus is teangacha eachtrannacha atá á labhairt ag na daoine atá luaite sa dara sampla. Níor mhiste, i gcomhthéacs eile, teangacha idirnáisiúnta a thabhairt ar an Bhéarla nó ar an Spáinnis, atá á labhairt i dtíortha ar fud na cruinne. Ná ní hé nach féidir idirnáisiúnta a úsáid ag tagairt do dhuine nó do dhream. Níl aon locht ar lucht gnó idirnáisiúnta chun trácht ar dhaoine a bhíonn ag díol is ag ceannach i dtíortha ó chéile. B'ait leat é, áfach, mura mbeadh i gceist ach lucht gnó ón choigríoch.

Roinn an Post seo: