Thiocfadh le duine ar bith a bheith i mbun foghlamai mbun oibre, ach nuair a luaitear cúram faoi leith le i mbun, cuirtear casadh beag sa chiall. Is eagarthóir a bheadh i mbun nuachtáin agus is múinteoir a bheadh i mbun ranga, is é sin á stiúradh. Siúd foinse na débhríochta san abairt thíos:

Cúpla seachtain ó shin, baineadh an díon de sheomra Rang 6 agus anois tá na daltaí sin i mbun ranga i dtigh tábhairne trasna an bhóthair ón scoil.

Is furasta an débhríocht a chur ar ceal: bíonn na daltaí sin ag freastal ar ranganna...

Roinn an Post seo: