Sa Bhéarla, úsáidtear often sa chiall in large measure. Is é an chiall atá le Young voters are often radical A large number of young voters are radical. Is olc mar a oireann an úsáid sin don Ghaeilge:

Bíonn vótálaithe óga radacach go minic.

Shílfeá go mbíonn na vótálaithe seo radacach méid áirithe uaireanta seachas líon áirithe acu a bheith radacach. Is fearr cur chuige ar bhealach éigin eile:

Tá claonadh ag vótálaithe óga i leith an radacachais.

Roinn an Post seo: