Níor cheart go dtí a úsáid mar a úsáideadh sna habairtí seo thíos:

  • Faoi cheann roinnt uaireanta athraíonn an mhíchompord go dtí pian níos géire.
  • Chun an bhainc leis ansin, áit ar athraigh sé an beagán dollar a bhí aige go dtí nótaí euro.

Níl an chomhlogaíocht athraigh go dtí dúchasach don Ghaeilge. Tá bealaí eile ann leis an choincheap change to a chur in iúl:

  • Faoi cheann roinnt uaireanta an chloig, ní míchompord a bheidh ag cur as don othar níos mó, ach pian níos géire.
  • Chun an bhainc leis ansin, áit a ndearna sé an beagán dollar a bhí aige a mhalartú ar nótaí euro.

Ní gá i gcónaí go dtí a scríobh. Go minic, is leor an réamhfhocal go a chur le briathar.

  • Fan go dtiocfaidh Pádraig.
  • Níor chuala mé faic go raibh na Gardaí sa mhullach orainn.

Tá claonadh ag eagarthóirí go dtí a chur in áit go ina leithéid d’abairt, ach is rócheartú é sin.

Rócheartú eile, nó riail gan bhunús, a mhaíomh nach féidir go dtí a úsáid in abairtí mar Chuaigh sé go dtí an siopa. De réir na hargóna seo, is é is ciall do go dtí chomh fada le. An té a rachadh go dtí an siopa, mar sin, ní dhéanfadh sé ach siúl chomh fada leis an siopa gan dul isteach in aon chor. Is den tsaoithíneacht é sin.

Ní fíor ach oiread nach féidir go dtí a chur le logainmneacha. Féach na samplaí seo as Timcheall Chinn Sléibhe le Seán Ó Dálaigh:

  • Do cheannaigh sé an t-asal, agus thug sé leis go dtí an Daingean é
  • Tháinig sagart paróiste nua go dtí Baile an Fheirtéaraigh an uair sin.

Is fíor, áfach, gur sa Mhumhain is treise atá an nós sin. Go is mó a úsáidtear le logainmneacha gan an t-alt (go Gaillimh, go Corcaigh) agus chun i gcás logainmneacha a bhfuil an t-alt leo (chun an Chlocháin Léith, chun na Fraince).

Roinn an Post seo: