Is minic na focail gníomhaireacht agus gníomhaíocht in aimhréidh ag daoine, mar atá san abairt thíos:

  • Is féidir tuismitheoirí a spreagadh le bheith rannpháirteach i saol na scoile agus cur le gníomhaireachtaí ranga. 

Is ionann gníomhaireacht agus agency, mar shampla An Ghníomhaireacht Caighdeán Bia/The Food Standards Agency.

Is ionann gníomhaíocht agus activity, mar shampla gníomhaíochtaí ranga/classroom activities.

Roinn an Post seo: