Gníomhaire is fearr a úsáid chun cur síos ar agent a mbíonn gnó faoi leith ar siúl aige nó aici nó a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine eile i ngnóthaí dlí, mar shampla gníomhaire eastáit, gníomhaire liteartha, gníomhaire fioscach. Is fearr gníomhaí a úsáid sa chiall activist, mar shampla gníomhaí pobail, gníomhaí ar son chearta an duine.

Is léir, mar sin, go bhfuil na habairtí thíos lochtach:

  • Tá gníomhaithe taistil agus tionscnóirí turas faoi oibleagáid dul isteach i mbanna sula dtugann an Coimisiún ceadúnas. 
  • Gearóid Ó Cairealláin, ceannródaí agus gníomhaire teanga.

B'fhearr iad a athscríobh mar seo:

  • Tá gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas faoi oibleagáid dul isteach i mbanna sula dtugann an Coimisiún ceadúnas. 
  • Gearóid Ó Cairealláin, ceannródaí agus gníomhaí teanga. 

Dar ndóigh, tá a leithéid de rud ann agus chemical agent. Oibreán is gnách a thabhairt ar a leithéid sin: oibreán baictéarach, oibreán frithreo.

Roinn an Post seo: