Bíonn blas débhríoch ar abairtí mar seo thíos:

  • Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil na suíomhanna ar an liosta iontaofa, ní féidir glacadh leis go molaimid na suíomhanna seo.

Dar leat, tá an t-údar ag cur i gcoinne na suíomhanna seo a bheith molta; rud atá ann nach féidir glacadh leis.

B’fhurasta an débhríocht a ruaigeadh:

  • Déantar gach iarracht a chinntiú gur suíomhanna iontaofa iad na suíomhanna atá ar an liosta, ach ní hionann sin agus a rá go molaimid na suíomhanna sin.
Roinn an Post seo: