Maireann litriú traidisiúnta a lán focal fós, in ainneoin an CO agus FGB. Bíonn scríbhneoirí idir dhá chomhairle faoi leaganacha áirithe a scríobh mar aon fhocal amháin nó mar dhá bhfocal. Seo cuid de na samplaí is coitianta:

  • macléinn > mac léinn
  • mactíre > mac tíre
  • maraon > maraon
  • meánlae, meánoíche > meán lae, meán oíche
  • roimhré > roimh ré
  • taréis > tar éis

Tá a mhalairt ann chomh maith, is é sin focail áirithe ar ghnách iad a scríobh ina bhfocail scartha sular caighdeánaíodh litriú na Gaeilge:

  • aon uaire > aonuaire
  • ar aon > araon
  • bun os cionn > bunoscionn

 Táthar i ndiaidh éirí as fleiscín a chur idir na míreanna i ndúblóga mar brille bhreaille, cogar mogar, mugadh magadh.

Roinn an Post seo: