Peter Newmark, tráchtaire ar chúrsaí aistriúcháin, a chum an t-ainm nearly empty words le cur síos ar fhriotal nach n-iompraíonn mórán brí san abairt dáiríre. Cuirtear an sprioctheanga as a riocht le linn don aistritheoir a bheith ag iarraidh freastal ar an fhriotal sin:

To promote and to advance the arts.

Na healaíona a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh.

Ní chaillfí aon ghné de chiall na habairte Béarla dá scríobhfaí Na healaíona a chur chun cinn.

Roinn an Post seo: